|
An Todhchaí __________________________ Tá Taibhdhearc na
Gaillimhe tar éis sé cinn déag de dhrámaí nuascríofa a léiriú le dhá
bhliain anuas – idir mhórléirithe a chuaigh ar chamchuairt náisiúnta
agus léirithe trialacha a léiríodh mar chuid de scéimeanna
nua-dhrámaíochta Fuadar Feabhra agus Scáilí Samhna. I mbliana do
cheiliúradh 75ú na hamharclainne is drámaí nuascríofa iad an cúig
mórléiriú atá ar cur ar stáitse againn.
I gcomhar leis an bhfís a
bhí ag na bunaitheoirí go mbeadh an amharclann mar láithreán
d’ocáidí agus drámaí Gaelacha go ginerálta táthar ag cur i gcónaí
leis an reimse siamsaíochta a bhíonn ar fáil sa Taibhdhearc.
Idir oícheanta ceoil le bannaí ar nós Kíla agus réimse leathan
drámaíochta ar feadh na bliana is iomaí oíche suáilceach a caitheadh
i dTaibhdhearc na Gaillimhe ó 1928 agus leanfar leis an tradisiúin
sin amach anseo.
Amharclann Náisiúnta na Gaeilge ~ Bunú na hAmharclainne An Chéad
Stiúrthóir ~ An Chéad
Léiriú
~ Ó Shin i Leith Nuadhrámaíocht ~
An
Todhchaí
|