|
- Amharclann
Náisiúnta na Gaeilge - Bunú na hAmharclainne - An Chéad Stiúrthóir - An Chéad
Léiriú - Ó Shin i Leith -
Nuadhrámaíocht - An Todhchaí |
Bunú na hAmharclainne _________________________________________________________________ Is iomaí forbairt atá
tarlaithe san amharclann óna bunús i 1928, ach is ag tógáil ar an
mbunchloch daingean a leag bunaitheoirí na hamharclainne, go mbeadh
An Taibhdhearc mar ionad ag drámaíocht na Gaeilge agus go mbeadh
nuadhrámaíocht na Gaeilge á spreagadh.
Tosaíonn scéal na
Taibhdheirce sa bhliain 1927, tráth go raibh scéal i mbéal an
phobail go raibh giúmar báúil, croíúil agus flaithiúil amach is
amach ar an Aire Airgeadais, Earnán de Blaghad i leith na
hamharclannaíochta. An dúch fós te ar an mbunreacht agus
faobhar le gluaiseacht athbheochan na Gaeilge, thug an Gaillimheach,
An Dr. Séamus Ó Broin aghaidh ar Bhaile Átha Cliath agus fís faoin a
ascaill aige, ag lorg tacaíochta ón Aire d’amharclann lán
Ghaeilge. Nuair a thug sé aghaidh abhaile arís bhí £600 faoin
ascaill eile aige leis an bhfís a chur i gcrích agus is mar sin a
tháinig an Taibhdhearc ar an saol i 1928.
Seanfhocal Ghaeilge is ea
an focal Taibhdhearc, cumtha as meascán de ‘taibhsiúil’ agus
‘dearc’, is é an chiall atá leis ná radharc nó áit dhraochtúil, agus
bhíar na bunaitheoirí go leor a chumadh agus a cheapadh agus a
tharraingt as an aer le go n-éireoidh leis an amharclann.
Is beag cosúlacht a
bhí ag Taibhdhearc na linne sin leis an bhfoirgníomh atá ann
inniu. Sean-halla go mba leis na Bráithre Aguistín sa tSráid
Láir é agus nár baineadh úsáid as le blianta fada, a fritheadh ar
cíos íseal don amharclann (níos mó ná mar a bhí áíoc ag na taibhsí a
raibh cead a réime acu sa sean halla sular bhog an Taibhdhearc
isteach ann.)
Amharclann Náisiúnta na Gaeilge ~ Bunú na hAmharclainne An Chéad
Stiúrthóir ~ An Chéad
Léiriú ~ Ó Shin i Leith Nuadhrámaíocht ~ An
Todhchaí
|