Brú chun Word no PDF Format a fháil
Ba maith linn freagra a fhail ar ais ag eolas@antaibhdhearc.com más féidir.
Tá liosta de bhaill an Chompántais de réir an taifid atá ag An Taibhdhearc faoi láthair anseo thíos. Mura bhfuil d’ainm ar an liosta agus más dóigh leat go bhfuil tú i do bhall den Chompántas cheana, líon amach an fhoirm agus seol í chuig Seán Mac Íomhair, Rúnaí, Taibhdhearc na Gaillimhe, St Clare's Walk, Sráíd Naomh Aibhistín, Gaillimh.
Mura bhfuil tú i do bhall den Chompántas, ach más mian leat ballraíocht a ghlacadh ann agus má tá tú i dteideal a bheith i do bhall, líon amach an fhoirm thíos agus seol í chuig Seán Mac Íomhair, Rúnaí, Taibhdhearc na Gaillimhe, An tSráid Láir, Gaillimh.
De réir bhunreacht Thaibhdhearc na Gaillimhe, tá duine ar bith a ghlac páirt i gcúig (5) dhráma ar a laghad de chuid na Taibhdheirce, agus a dhéanann iarratas ar bhallraíocht, i dteideal a bheith ina b(h)all den Chompántas.