Tagann an scéala go bhfuil Hollywood le scannán a dhéanamh ar Inis Mór. Cuireann Cripil Billí an-suim go deo sa scéala seo, rud ab annamh leis. Is sárshaothar grinn é seo – oileánaigh aisteacha gan chuibheas, i mbun ráflaí agus cúlchainte nach bhféadfadh ach droch-dheireadh a bheith leo agus fear óg ag iarraidh a theacht ar thuiscint ar cé hé féin.
Páirteach sa dráma bhí na h-aisteoirí Bríd Ní Neachtain, Darach Ó Dubháin, Bridie Ní Churraoin, Micheál Ó Dubhghaill, Brídín Nic Dhonnacha, Micheál Seoige, Seán Ó Flatharta, Breandán Ó Muirí agus Áine Ní Dhroighneáin.