"Phóg me do bhéal draoidheachta agus tá athrú ar an domhan de bharr na póige sin..."
Is é Páraic Breathnach (Macnas, Killinaskully, srl.) a bheidh i mbun stiúrtha ar an gcliar ábálta agus cumasach.
Is cúis mhór áthais dúinn é go bhfuil Mick Lally ar ais ag obair sa Taibhdhearc arís agus é i mbun oibre ach go háirithe ar an léiriú seo.
Is sa Taibhdhearc, ar ndóigh, a thosaigh Mick amach ar an gceird i dtús ama agus cuirimid céad míle fáilte ar ais roimhe.
Mar dhuine de bhunaitheoirí an Druid Theatre Co. i 1975, beidh Mick ag filleadh abhaile faoi dhó an uair seo (ar an Taibhdhearc agus ar an Druid).
Nuair a bhí an Druid gan dídean roinnt blianta ó shin, thug An Taibhdhearc cuireadh dóibh a ndrámaí a léiriú sa Taibhdhearc ar an tSráid Láir. Anois agus muintir na Taibhdheirce gan dídean, táimid go mór faoi chomaoin ag an Druid agus an fháilte mhór a chuireadar romhainn i Lána an Draoi. Faoi scáth a chéile a mhaireann na daoine!
In éineacht le Mick ar stáitse beidh Eoin mac Diarmada, Áine Ní Dhroighneán, Seán McDonagh (an triúr acu ó Ros na Rún), Eoin Geoghegan (Seacht) agus Elaine Scahill.
Is í an ceoltóir cumasach Nuala Ní Chanainn a bheidh i mbun an cheoil bheo. Athbhreithniú nua físiúil ar an seanscéal a beidh i gceist anseo; léiriú a bheidh fuinniúil agus barúil. Is cinnte go mbainfidh an lucht féachana an-spraoi go deo as an taispeántas seo!