|
- Amharclann
Náisiúnta na Gaeilge - Bunú na hAmharclainne - An Chéad Stiúrthóir - An Chéad
Léiriú - Ó Shin i Leith -
Nuadhrámaíocht - An Todhchaí |
An Chéad Léiriú ________________________________________________________________
Fágadh ag Mac
Liammóir agus a chomhghleacaí Hilton Edwards, feoil a chur ar
chreatlach na físe d’Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. Cinneadh ar
dhráma nua a chur ar stáitse le tús a chur leis an Taibhdhearc agus
socraíodh leagan de Dhiarmuid agus Gráinne a chóiriú don
stáitse. Bhí Mac Liammóir féin foirfe mar Dhiarmuid, má tá
tuairiscí na gcailíní i siopa tae Uí Loidáin i Sráid na Siopaí sa
Ghaillimh le creideamh “Baineadh geit asainn uilig, bhí sé chomh
slachtmhar sin,” a deir duine acu, “thit muid uilig i ngrá leis.” Is
cosúil go raibh sé féin ar aon intinn leo mar ghlac sé an
phríomhpháirt sa drama.
Bhí neart réalta eile ar stáitse le Mac
Liammóir ar an oíche sin. 27 Lúnasa, 1928, nuair a osclaíodh an
dráma. Ina measc bhían file Máirtín Ó Direáin a ghlac ról beag
ann, chomh maith leis an amhránaí sean-nós Máire Ní Scolaí, a
ghlac páirt Ghráinne agus a bhain cáil
idirnáisiúnta amach ina dhiaidh sin as a cuid
amhránaíochta.
Amharclann Náisiúnta na Gaeilge ~ Bunú na hAmharclainne An Chéad
Stiúrthóir ~ An Chéad
Léiriú
~ Ó Shin i Leith Nuadhrámaíocht ~ An Todhchaí
|