Na Dubliners


Ag teacht go Gaillimh chun tacú
leis An Taibhdhearc
Ionad: Óstán Radisson Blu,
Gaillimh.
Dáta:
Domhnach , 17ú Deireadh Fomhair 2010.
Dóirse: 7.00in; Ceoilchoirm: 8.00in >
Ticéid: €40 (faoi réir ag táille áirithinte)
Áirithintí:
• Taibhdheirce: (091) 563600
• Óstán an Radisson Blu: (091) 538300
• Ticketmaster: (0818) 719300 / www.ticketmaster.ie

[Press release in English]

Tá an grúpa cáiliúil na DUBLINERS ag teacht go Gaillimh chun ceolchoirm mhór a chuir ar an stáitse in Óstán an Radisson Blu chun airgead a bhailiú do chiste atógála Amharclann Náisiúnta na Gaeilge – An Taibhdhearc. Tá an fhoirgneamh dúnta ó thárla tine ansin ós cionn dhá bhliain ó shoin.

Beidh an féasta mór ag tárlú ar an Domhnach 17ú Deireadh Fomhair 2010 agus is cinnte gur oíche den scoth a bheidh inti. Osclóidh na doirse ag 7pm agus tosnóidh an ceolchoirm féin ag 8pm. Beidh aíonna speisialta ag glacadh páirt ar an oíche freisin agus beidh siad'san le fógairt go luath!

I láthair na huaire, is iad baill an ghrúpa: Barney McKenna, John Sheahan, Seán Cannon, Eamonn Campbell agus Patsy Watchorn. Tá sé ocht mbliana ó chas na DUBLINERS i nGaillimh cheanna, nuair a rinne siad camchuairt thart thimpeall na tíre i 2002 ag ceiliúradh 40 bliain, in éineacht le Jim McCann ag an ám, agus Ronnie Drew atá ó shoin imigh ar shlí na fírinne.

€40 an praigheas atá ar na dticéid [faoi réir ag táille áirithinte] agus is féidir iad a cheannach ó oifig na Taibhdheirce, Lána an Chláir, Gaillimh (091) 563600; Óstán an Radisson Blu (091) 538300; Siopa Ceoil Zhivago nó ó Ticketmaster ag: 0818-719300 / www.ticketmaster.ie

Tá áthas an domhain ar mhuintir na Taibhdheirce go bhfuil na DUBLINERS ag teacht go Gaillimh saor in aisce chun cabhrú leo leis an bhfeachtas bailiúcháin seo atá ar siúl acu don athchóiriú ar an Amharclann stairiúil a bhunaigh Micheál Mac Liammóir agus Hilton Edwards i 1928.

Meastar go bhfuil €1 mhilliún ar a laghad ag teastáil chun doirse na hAmharclainne a oscailt arís. Tá cuntas bainc speisialta oscailte i gcomhair na hatógála agus is féidir urraíocht nó síntiús a thabhairt ám ar bith:

Banc Aontas Éireann (AIB), Caisleán an Loingsigh, Gaillimh. Uimhir Chuntais – 66922210 Cód Sórtála – 937096