Glór
le Cantóirí agus Ceolfhoireann Fhiolarmónach na Taibhdheirce
3, 4, 5, 6 Meitheamh 2009.
Séipéal Choláisteach San Nioclás, Sráid na Lombardach, Gaillimh
Eolas: (091) 563600
Bhí mór-cheoldráma i nGaeilge agus mórchlaisicí cheol Gaelach na hÉireann á léiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe mar shamplaí de thraidisiún na hamharclainne mar chuid den chlár cultúir a bhí ar siúl le linn lucht Rás Farraige Volvo a bheith ar a gcuairt i nGaillimh.

Bhí Glór á léiriú ag Micheál Ó hAinnín (léiritheoir) agus Pádraigín Ní Lileas (stiúrthóir ceoil) agus bhí buíon mór de na ceoltóirí agus cantóirí aonair áitiúla páirteach ann chomh maith le cór na Taibhdheirce, Cantóirí na Taibhdheirce agus iad ag cur saothar chumadóirí amhail Mozart, Verdi, Bizet, Wallace agus Franz Lehar i láthair. Is é an cumadóir, Tom Cullivan, a chóirigh an ceol i gcomhar na ceolfoirne, Ceoltóirí na Taibhdheirce, an tráth seo freisin agus bhí  siad faoi stiúir ag Nuala Ní Chanainn. Bhí na clasaicí móra Gaelacha Cailín ó Cois tSiúire Mé, Eibhlín a Rún, Slán le Máigh ón 14ú hAois agus An Casaideach Bán, mar shampla, ar an gclár chomh maith.

Eaglais Choláisteach Naomh Nioclás
Is í Eaglais Choláisteach Naomh Nioclás an eaglais pharóiste mheánaoise is mó in Éirinn atá fós á húsáid go rialta.

Tógadh í ar shuíomh seanséipéil thart ar 1320. Tógadh an chórlann, na trastúir agus an mheánlann ag an tráth sin. Nuair a bhí Gaillimh ag barr a réime le linn an 16ú hAois, cuireadh síneadh leis an séipéal agus cuireadh taobhranna ó thuaidh agus ó dheas chomh maith leis an trastúr ó dheas Séipéal na Sacraiminte Beannaithe agus an cloigtheach.

Tiomnaíodh an séipéal do Naomh Nioclás, a bhí ina Easpag ar Myra i Lycia (in iardheisceart na hÁise Bige) sa 4ú hAois. Cé gur mó a cháil mar phátrún na leanaí nó ‘Daidí na Nollag’ sna saolta seo, bá mhó a cháil mar phátrún mairnéalach le linn na meánaoiseanna. Is ar an gcúis sin gur i gcathracha calafoirt mheánaoise amhail Ghaillimh a bhíonn séipéil atá tiomnaithe dó de ghnáth.

Ghabh fórsaí de chuid Chromail Gaillimh sa bhliain 1652, tar éis léigear fada a mhair naoi mí. De réir an tseanchais, scrios siad go leor den séipéal agus d’úsáid siad é mar stábla dá gcuid capall. Tá sé ráite gur tháinig Criostóir Colambas go cinnte le guí anseo sa bhliain 1477, agus scéalta cloiste aige faoi iomraimh Naomh Bréanainn, manach de chuid na hÉireann a chreidtear ina thaobh gur sheol sé go Meiriceá sa 16ú hAois.