Taibhdhearc na Gaillimhe

Gradam Cuimhneacháin
Bháitéir Uí Mhaicín 1915 -1967
Comórtas Scripte - Drámaí Fada
__________________________________________________________________
Tá ríméad ar Thaibhdhearc na Gaillimhe a fhógairt gur ar Dharach Ó Scolaí as Indreabhán, Conamara a bronnadh Gradam Cuimhneacháin Bháitéir Uí Mhaicín, an sparántacht is mó, Gaeilge nó Béarla, in Éirinn faoi láthair, as ucht an dráma atá scríofa aige Coinneáil Orainn. Bronnadh €5,000 ar Dharach agus beidh Coinneáil Orainn mar mhór-léiriú Fómhair na Taibhdheirce 2005. 

Bronnadh Gradam speisialta agus €2,500 ar Mhícheál Ó Conghaile chomh maith de bharr caighdeán a dhráma Jude agus mar aitheantas ar dhráma eile leis Go dTaga Do Ríocht. Tá Jude ar chlár léirithe na Taibhdheirce i gcomhair 2006. 

Bronnadh dhá dhuais aitheantais ar bheirt scríbhneoirí nua freisin - Caitríona Ní Chonaola (ar an dráma Incubus )agus Breandán Ó hEaghra (Gaeilgeoir Deireanach Charna) agus tá a gcuid saothair siúd á léiriú againn i Séasúr Nua-dhrámaíocht atá á reachtáil i mí Márta agus mí Bealtaine 2005. Tá an Séasúr Nua-dhrámaíochta seo dírithe ar dheis a thabhairt do scríbhneoirí nua taithí agus oiliúint a fháil ar an bpróiseas léirithe chun go seasfaidh an taithí sin leo agus iad ag tabhairt faoi dhrámaí eile a scríobh amach anseo. 

Cuireadh Gradam Cuimhneacháin Bháitéir Uí Mhaicín ar bun mar chuid lárnach de cheiliúradh 75 bliain na Taibhdheirce mar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, chun scríbhneoirí na Gaeilge a spreagadh chun pinn agus chun torradh a saothair a léiriú ar stáitse.

  

 

 Nuachtlitir - 
 Cláraigh anois

Carrchlós

Bialann

Teil: (091) 563600/562024    R-phost: eolas@antaibhdhearc.com     www.antaibhdhearc.com
Deartha ag GWC                   © An Taibhdhearc 2003 - 2006

 
Baile/Home Imeachtaí/Events Stair/History Ticéidí/Tickets Suíomh/Location Amharclann Óige/Youth Theatre Seirbhísí/Services Eolas Teicniúil/Technical Information Nascanna/Links Teagmháil/Contact Us