Cuireadh Gradam Cuimhneacháin Bháitéir Uí Mhaicín ar bun mar chuid lárnach de cheiliúradh 75 bliain na Taibhdheirce mar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, chun scríbhneoirí na Gaeilge a spreagadh chun pinn agus chun torradh a saothair a léiriú ar stáitse.
Bronnadh Gradam Cuimhneacháin Bháitéir Uí Mhaicín agus €5,000 ar Dharach Ó Scolaí as Indreabhán, Conamara, as ucht an dráma Coinneáil Orainn agus bhí an dráma mar mhór-léiriú i Fómhair 2005.
Bronnadh Gradam speisialta agus €2,500 ar Mhícheál Ó Conghaile chomh maith de bharr caighdeán a dhráma Jude agus mar aitheantas ar dhráma eile leis Go dTaga Do Ríocht.
Bronnadh dhá dhuais aitheantais ar bheirt scríbhneoirí eile freisin - Caitríona Ní Chonaola (ar an dráma Incubus) agus Breandán Ó hEaghra (Gaeilgeoir Deireanach Charna).Sheol Taibhdhearc na Gaillimhe na sonraí do Ghradam Scríbhneoireachta Bháitear Uí Mhaicín 2010 ar an 19ú Iúil 2009 sa Gallery Café in Iarsmalann na Gaillimhe. Ba mhór an onóir Mairéad Ní Choinceannain, a d'oibre leis an uasal Uí Mhaicín, a bhí i láthair mar aoi-chainteoir ar an lá.Leis an duaischiste is mó sa tír ó thaobh na scríbhneoireachta de, tá an Taibhdhearc ag súil go dtabharfaidh an gradam spreagadh do ghlúin nua peann a chuir le pár
.Beidh €7,500 le buachan don fhad-dhráma is fearr chomh maith le €1,000 don ghearrdhráma is fearr. Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil anseo ar an suíomh, nó a dhul i dteagmháil leis an oifig chun foirm a fháil sa phost.
Táille Iontrála: €50
Spriocdáta: Lá Bealtaine 2010
Sheol Taibhdhearc na Gaillimhe na sonraí do Ghradam Scríbhneoireachta Bháitear Uí Mhaicín ar an 19ú Iúil 2009 sa Gallery Café in Iarsmalann na Gaillimhe. Ba mhór an onóir Mairéad Ní Choinceannain, a d'oibre leis an uasal Uí Mhaicín, a bhí i láthair mar aoi-chainteoir ar an lá.
Leis an duaischiste is mó sa tír ó thaobh na scríbhneoireachta de, tá an Taibhdhearc ag súil go dtabharfaidh an gradam spreagadh do ghlúin nua peann a chuir le pár.
Beidh €7,500 le buachan don fhad-dhráma is fearr chomh maith le €1,000 don ghearrdhráma is fearr. Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil anseo ar an suíomh, nó a dhul i dteagmháil leis an oifig chun foirm a fháil sa phost.