Bhuaigh léiriú na Taibhdheirce 'Idir an Dá Shúil' an ghradam cáiliúil Stewart Parker don údar Aodh Ó Domhnaill le deireanas.
Comhgáirdeas ón Taibhdhearc don bhfoireann léirithe, na haisteoirí agus an léirtheoir Lara Campbell.
An drámaíocht Gaeilge abú!
An Stíl Bheatha, na Síntí Láimhe, an Solamar… Tá an t-airgead ag imeacht is ag imeacht. Tá sé slogtha… Fágfar í ar an trá folamh mura ndéanfaidh sí beart go beo. Fostaíonn sí dúnmharfóir !
Agus inspioráid faighte aige ó eachtraí a thit amach i ndáiríre, tugann an dráma seo de chuid Aodha Uí Dhomhnaill a bhfuil duaiseanna bainte amach aige muid isteach i saol ina bhfuil dubh ina gheal agus an geal ina dhubh, áit a bhfuil an sár-ego agus an mé-féineachas i mbarr a réime.
Is í ag leanúint stíl an film noir, tugann an stiúrthóir, Lara Ní Chathmhaoil muid trí na heachtraí dorcha ina bhfaigheann fear bás roimh a am. An dtiocfaidh fírinne na n-eachtraí sin chun cinn? An féidir praghas a chur ar sonas? Cén chaoi a bhfaighfidh tú ceart is cóir nuair nach bhfuil an bás ach clic dúbailte uait?
Is comhléiriú é Idir an Dá Shúil de chuid Thaibhdhearc na Gaillimhe, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge atá lonnaithe i nGaillimh, agus Compántas Amharclainne TíAitreo ó Bhaile Átha Cliath.
Is Compántas Amharclainne gairmiúil Gaeilge nua é TíAitreo, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Roghnaigh siad an dráma nua corraitheach seo chun a gCompántas a sheoladh.
Siobhán O'Kelly agus Séamus Moran
Is í Lara Ní Chathmhaoil an Stiúrthóir agus tá cliar as an gcoiteann faoina treoir aici. Ina measc tá John Burke agus daoine eile mar Siobhán O'Kelly, Séamus Moran agus Brendan Murray a bhíonn le feiceáil i sobaldrámaí. Tá an cuma ar an léiriú seo 'Idir an Dá Shúil' go mbeidh an-tóir air san amharclann. Ba mhór an peaca é a chailliúint!
TíAitreo Teoranta:
Comhlacht drámaíochta proifisiúnta nuabhunaithe is ea TíAitreo, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Is í aidhm an ghrúpa, ná scoth na drámaíochta comhaimseartha i nGaeilge a chur ar fáil. Cleachtaímid gach aon stíl, nós agus meán chun teacht ar ár lucht féachana – ní hamháin i mBaile Átha Cliath, ach ar fud na tíre. Comhlacht ildánach, ilmheánach is ea sinn.
Is cúis áthais do TíAitreo go bhfuil deis againn a bheith ag comhoibriú le hAmharclann Náisiúnta na Gaeilge - Taibhdhearc na Gaillimhe. Deis foghlamtha iontach atá ann dúinn. Is mór an onóir dúinn chomh maith, gurb é an dráma spleodrach nuascríofa, 'Idir an Dá Shúil', le hAodh Ó Domhnaill, atá ag cur tús le ré an chomhlachta.
Baill an bhoird: Mícheál Ó Gruagáin, Bríd Ní Ghruagáin, Gearóid Ó Mórdha agus Sinéad Ní Uallacháin.
TíAitreo Teoranta - Scoth na Drámaíochta Gaeilge
Eolas agus áirithintí:
Oifig na Taibhdheirce, Lána an Chláir, Sráid na gCeannaithe, Gaillimh.
Fón: 091-562024 / 563600
Le ticéid a chur in áirithe glaoigh ar Amharclann na Cathrach, Gaillimh: 091-569777