Taibhdhearc na Gaillimhe
 

Imeachtaí na Taibhdheirce

Events Guide
          
Áirithintí/Box Office
091 563600
 

  Bealtaine 2009
 
 


GLÓR

Le Cantóirí na Taibhdheirce

Ceol Cláirsí Traidisiúnta, Seoda ón Opera agus Ceol Clasaiceach Gaelach.

Stiúrthóir Ceoil: Pádraigín Ní Lileas
Cóiritheoir Ceoil: Tom Cullivan
Comhordaitheoir / Fear an Tí: Micheál Ó hAinnín

Séipéal Choláisteach San Nioclás, Sráid na Lombardach, Gaillimh.

Dé Céadaoin 3ú – Dé Sathairn 6ú Meitheamh 2009 ag 8.00 i.n.

Ticéidí: Saor in Aisce don Rás Aigéin Volvo!!

Eolas & Áirithintí:
Oifig na Taibhdheirce, Lána an Chláir, Sráid na gCeannaithe, Gaillimh.
(091) 563600
eolas@antaibhdhearc.com

 


Griangrafadóir: Dáire Ó hAinmhire



Namhaid don Phobal
Le Henrik Ibsen

Leagan gaeilge “An Enemy of the People” le fotheidil béarla

Comh-léiriúchán idir Taibhdhearc na Gaillimhe agus Moonfish Theatre

GAILLIMH

Láthair: An Dubhlann, Bóthar na Díge, Gaillimh.
Dátaí: Réamhfheiscint Dé Céadaoin 4ú Márta 2009
Déardaoin 5ú Márta – Dé Domhnaigh 8ú Márta 2009
Ám: 8.00 i.n.
Ticéidí: €17 / €12 / €10 (grúpaí) / €8 (scoileanna)
Réamhfheiscint €10

BAILE ÁTHA CLIATH

Láthair: Amharclann Axis, Baile Mhunna, Baile Átha Cliath.
Dátaí: Dé Céadaoin 11ú Márta & Déardaoin 12ú Márta 2009
Ám: 8.00 i.n.
Ticéidí: €15 / €12

Leagan nua-aoiseach, spreagúil de’n dráma cáiliúil, a bhfuil macallaí ann den ghéarchéim a tharla i gcúrsaí uisce i nGaillimh le gairid. Bainfear leas as fotheidil ins an léiriú – rud nua i ndrámaíocht na Gaeilge, sa chaoi gur féidir le cách tuiscint a fháil ar an dráma.

Suite i mbaile beag cois farraige, déanann Namhaid don Phobal cur síos ar a dtiteann amach nuair a thagann an dochtúir áitiúl ar nimh i gcóras uisce an bhaile, rud a d'fhéadfadh deireadh a chur le heacnamaíocht turasóireachta an bhaile. Ar chóir dó an scéal a scaoileadh leis an bpobal, nó éisteacht le comhairle a dhearthára (Méara an bhaile) agus a bhéal a choinneáil dúnta ...?

Páirteach sa léiriú tá: Brendan Conroy, Peadar Ó Treasaigh, Donncha Crowley, Bríd Ní Neachtain, Pádraic Ó Tuairisc, Darach Ó Dubháin, Séamus Ó hAodha agus Ionia Ní Chróinín.

  Samhain 2008

Tóraíocht an Yummy Mummy

Geamaireacht na Nollag scríofa ag Risteárd Ó Broin
Léiriú de chuid Taibhdhearc na Gaillimhe

Láthair: An Dubhlann, Bóthar na Díge, Gaillimh.
Dátaí: Dé Céadaoin 26ú Samhain 2008 – Dé Domhnaigh 30ú Samahin 2008
Ám: 8.00 in
Matinée: Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ag 1.00 in
Ticéidí: €15 / €10. Gasúir (faoi 12) €5.
Áirthintí: (091) 569777

Siod í an cúigiú geamaireacht déag atá scríofa ag Risteárd Ó Broin do Thaibhdhearc na Gaillimhe. Is é Éamonn Draper an Stiúrthóir agus is í Máire Stafford a d’aistrigh na hamhráin go Gaeilge, amhráin arb iad ABBA a scríobh na bunleagain agus cumadóirí nach iad.

Scéal ar mhúnla Indiana Jones atá i ngeamaireacht na bliana seo: téann an Dr Stanley agus Ollie go dtí an Éigipt ag cuartú thuamba an Bhanfharó Hatchetsoup – seanchailleach oilbhéasach chontúirteach. Dar ndóigh, tá baddies go leor sa scéal, ar nós Árd-Draoí Kino agus a leathbhádóir Ali Flicknife, a fhéachann le stop a chur le Stanley agus Ollie, agus an tuamba agus na seoda atá i bhfolach ann a aimsiú dóibh féin. Ina dteannta siúd, tá baicle mhór de charachtair eile páirteach sa gheamaireacht, ina measc an fearaí fiáin Ellie a thiteann i ngrá le duine de na buachaillí. Mar is dual do scéal ar bith a bhfuil mumaí ann, tá mallacht an mhumaí ann, mallacht a thitfidh ar aon duine a theagmhóidh le taisí an Bhanfharó Hatchetsoup.

Dírithe ar ghasúir agus a dtuismitheoirí, cuma cén aois, atá an gheamaireacht. Seó é seo a mbainfidh idir óg is aosta sult agus spraoi as. Is fiú go mór an seó seo a fheiceáil mar go bhfuil taithí na mblianta ag Risteárd Ó Broin ar an saghas seo geamaireachta, mar gurb eisean a scríobh beagnach chuile cheann de gheamaireachtaí na Taibhdheirce sna 60idí agus sna 70idí. Beidh damhsa, ceol agus craic go leor ann do chuile dhuine sa chlann.

Ag glacadh páirt beidh Maidhc P. Ó Conaola, Séamus Ó hAodha, Máire Bhreathnach, Linda Bhreathnach, Micheál Ó hAinnín, Gail Curry, Tara Breathnach, Seán Mac Giollarnáth, Gerry Ferguson agus breis eile.

Bígí ann!

 

Deireadh Fómhair 2006 – Deireadh Fómhair 2008:

Go dTaga do Ríocht

Go dTaga do Ríocht

Dráma nua- scríofa le Micheál Ó Chonghaile.
Léiriú de chuid Taibhdhearc na Gaillimhe

Láthair: Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, B.Á.C. 2.

Dátaí: Déardaoin 2ú Deireadh Fomhair 2008 – Dé Sathairn 4ú Deireadh Fomhair 2008
Ám: 8.00 i.n.
Matinee: Déardaoin & Dé hAoine ag 2.00 i.n.
Ticéidí: €15 / €10
Rátaí Speisialta: €8 do ghrúpaí / €5 do ghrúpaí scoláirí
Áirthintí: (091) 562024 / 563600

Dráma storrúil nua-aimseartha é Go dtaga do Ríocht a bhfuil an teannas, an t-imreas agus an ghangaid ina snaidhm reatha tríd. Tugtar léargas ann ar scéal Jimí, déagóir nach bhfuil ach i dtús aithne air féin, é cráite ag dúshláin mhóra an tsaoil – bás a mháthar, meon muiniceach a athar, éiginnteacht an ghnéis agus an chreidimh, saol agus sochaí Chonamara le hais an tsaoil atá ag a chomrádaí cathrach Kevin – Bleá Cliathach atá i gConamara ar chúrsa samhraidh.
I dteannta Jimí, castar orainn a athair – Patrickín – Finné Iáivé (Jehovah’s Witness) díocasach díograiseach arb é an chloch is mó ar a phaidrín craobhscaoileadh a chreidimh féin.

Ar cheann de shnátha eile an scéil tá an Gorta Mór agus an cogadh creidimh i gConamara aimsir an Drochshaoil a bhfuil a lorg le feiceáil ar an gcogadh creidimh atá ar siúl lenár linn féin idir Jimí agus a athair. Dráma é Go dtaga do Ríocht a bhfuil an dáiríreacht, an greann agus an ceol ina orlaí tríd.

Seo é an tríú ceann den triológ drámaí – suite i gConamara - a chum Micheál Ó Conghaile. Léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe an péire eile cheana: Cúigear Chonamara sa mbliain 2003 agus Jude in 2007.

Faoi Dheireadh Thiar

Dráma nua- scríofa le Joe Steve Ó Neachtain.
Léiriú de chuid Taibhdhearc na Gaillimhe

Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

Dataí: Dé Céadaoin 5 Márta – Dé hAoine 8 Márta & Dé Céadaoin 12 – Dé hAoine 14 Márta 2008
Am: 8.00 i.n.

Dataí: Dé Luain 10 Márta & Dé Máirt 11 Márta 2008
Am: 12.00 m.l.

(Ní bheidh seó ar bith ann Dé Domhnaigh, 9 Márta)

Halla Inis Oírr, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe.

Dataí: Dé hAoine 4 Aibreán & Dé Satharn 5 Aibreán 2008
Am: 8.00 i.n.

Amharclann Smock Alley, Sráid an Mhalartáin Íochtarach, Barra an Teampaill, B.Á.C. 2.

Dataí: Dé Céadaoin 16 Aibreán – Dé hAoine 18 Aibreán 2008
Am: 8.00 i.n

Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.

Dataí: Dé hAoine 2 Bealtaine – Dé hAoine 9 Bealtaine 2008
Am: 8.00 i.n.

Ticéid: €15 / €10

Dráma nua-scríofa le Joe Steve Ó Neachtain, á léiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe.

Is in Árus do sheandaoine, áit atá an ghreann nádúrtha ar bharr a ghoib ag an seandream, atá Faoi Dheireadh Thair lonnaithe. Ní hea an ghreann ar fad atá le feicéal ins an dráma seo áit a thagann eachtraí an saoil chun solais go poiblí agus corr uair go brónach.

Tá Faoi Dheireadh Thiar á léiriú faoi stiúir Josie Chóilí Óg Ó Cualáin. Páirteach sa léiriú seo, tá Diarmuid Mac an Adhastair, Caitlín Ní Chonghaile, Josie Chóilí Óg Ó Cualáin, Brídín Nic Dhonncha, Máire Uí Dhroighneáin, Joe Steve Ó Neachtain agus

Máirín Uí Neachtain.

Scáth an Oilc


Scáth an Oilc

Scáth an Oilc

Aistriúchán ar “The Power of Darkness” le John McGahern aistrithe ag Peadar Ó Cúláin.
Léiriú de chuid Taibhdhearc na Gaillimhe

An Taibhdhearc
Dataí: Déardaoin 4 D. Fómhair – Dé Sathairn 13 D. Fómhair 2007

Corn Mill Theatre and Arts Centre, Carraig Álainn, Co Liatroma.
Dataí: Dé Céadaoin 17 D. Fómhair agus Déardaoin 18 D Fómhair 2007

Ticéid: €17 / €12

Is é seo an chéad léiriú d’aistriúchán Pheadair Uí Chúláin ar The Power of Darkness, le John McGahern.

Saint, cúrsaí talún agus an creideamh na téamaí is mó a chothaigh aighneas in Éirinn san am a caitheadh, agus go deimhin, tá an scéal céanna amhlaidh i saol an lae inniu. Tá na téamaí seo fite fuaite sa dráma cumhachtach seo le John McGahern.

Tá Scáth an Oilc á léiriú faoi stiúir Tommy McArdle. Páirteach sa léiriú seo, tá Bairbre de Barra, Barbara Nic Dhonnacha, Micheál Ó Gruagáin, Séamus Ó hAodha, Nuala Hayes, Máirtín Jaimsie agus Eoghan Ó Riada.

Pósadh Figaro Pósadh Figaro
Ceoldráma le Wolfgang Amadeus Mozart
Aistrithe go Gaeilge ag Máire Stafford
Léiriú de chuid Taibhdhearc na Gaillimhe

Dátaí: Dé Luain 16 Iúil – Dé hAoine 20 Iúil 2007
Am: 8.00 i.n.
Ticéid: €17/€12

Tá an leagan Gaeilge seo den cheoldráma á léiriú faoi stiúir Mary MacDonagh agus Steffen Jorgensen agus is é John Roe atá mar Stiúrthóir Ceoil.

I measc scoth na n-amhránaithe atá páirteach sa cheoldráma seo tá Brendan Collins, Joan O’Malley, Edel O’Brien, John Molloy, Jim Dillon, Sandra Schalks, Delia Boyce, Louise Colohan, agus an tAthair Michael Byrnes.

Is é John ODonoghue atá i mbun dearadh seite agus Pat O’Reilly atá i mbun dearadh soilse.
Jude
Le Micheál Ó Conghaile
Léiriú de chuid Taibhdhearc na Gaillimhe
Dátaí: Dé hAoine, 9 Márta - Dé hAoine, 16 Márta 2007 ag a 8.00 i.n.
(seachas Dé Céadaoin, 14 Márta)
Matinée: Dé Céadaoin, 14 Márta ag a 12 meán lae
Réamhbhreathnú: Déardaoin 8 Márta ag a 8.00 i.n.

Ticéid: EUR17 agus EUR12
Grúpaí Gasúir scoile EUR8

Réamhbhreathnú EUR10
Réamhbhreathnú Grúpaí Gasúir Scoile EUR6
Ráta ar leith ar fáil do ghrúpaí

Tuilleadh Eolais
English Version




Oíche le Checkhov
Na Crosáin - Ardáin
Amharclann Óige na Taibhdheirce

Dátaí: Déardaoin 22ú - Dé Sathairn 24ú Márta 2007
Am: Déardaoin - 1.00in
Dé hAoine & Dé Sathairn - 8.00in
Ticéid: 10 Euro
Baill na Crosáin saor in aisce

Beidh 3 dhráma de chuid Anton Checkhov á léiriú ag na Crosáin, Amharclann Óige na Taibhdheirce, faoi stiúir Mharc Mhic Lochlainn.

Thosaigh an togra dúshlánach seo i mí na Samhna. Is iad na haisteoirí agus stiúrthóirí a d’aistrigh na drámaí go Gaeilge agus is iad na baill iad féin atá á stiúradh.

Tá Marc mac Lochlainn, stiúrthóir na gCrosáin, an-sásta leis an méid oibre a chuir na Crosáin isteach sna Píosaí:

‘Beidh muid ag léiriú AN BÉAR, AN DRÁMA agus AN CHEIST, is drámaí iontacha iad seo agus is deis tábhachtach é seo do na haisteoirí óga go bhfuil siad in ann dul i ngleic le scríbhneoir mór le rá ar nós Chekov.”



Mamó Gé
le Peadar Cox

Geamaireacht Nollag Thaibhdhearc na Gaillimhe

Seó Oíche: Dé Luain 11 Nollaig – Dé Luain 18 Nollaig ag a 7.30 i.n.
(Seachas Dé Domhnaigh 17 Nollaig)

Matinée: Dé Sathairn 16 & Dé Domhnaigh 17 ag a 3.00 in
agus Dé Máirt 19 ag a 12 ml (Is é seo an seó dheireanach)

Seó é seo a d’fheilfeadh páistí de gach aois - ó cheathair go nócha a ceathair bliain d’aois! Neart ceoil, craic, gáire agus draíochta!

Tá cónaí ar Mhamó Gé agus a clann láimh le Bearna. Ainneoin an Tíogair Cheiltigh, tá siad beo bocht, agus an baol ann go gcaithfidh an tiarna talún Seoinín Mac Slíbhín amach ar thaobh an bhóthair iad. Nuair a thagann Daisy, iníon Mhamó Gé ar ghé a bheireann uibheacha órga, ceapann an chlann go bhfuil deireadh lena gcuid trioblóidí – ach i ndáiríre, níl siad ach ina dtús.

Tá cliar mhór millteach tugtha le chéile againn ó cheann ceann an chontae: Áine Ní Dhroighneáin (Charity You’re A Star), Eoin Mac Diarmada (Ros Na Rún), Donncha Crowley (Fair City), Eithne Nic Enrí (Aifric) agus Tara Bhreathnach.

Scríofa ag Peadar Cox agus faoi stiúir Dhiarmuid de Faoite, is í Nuala Ní Channain atá i bhfeidhil an cheoil, Dara McGee atá i mbun dearadh seite, Charmian Goodall i mbun dearadh cultacha agus Jim Faulkner i mbun dearadh soilse.

 

Cré na Cille

Cré na Cille

Cré na Cille

Le Máirtín Ó Cadhain, cóirithe don stáitse ag Macdara Ó Fátharta,
léiriú de chuid Taibhdhearc na Gaillimhe
Dátaí Dé Máirt 31ú Deireadh Fómhair - Dé Sathairn 4ú Samhain
Ionad AXIS Arts Centre, Baile Munna, BÁC 9.
Am: 8.00in
Ticéid: €20 / €15

Bhí Cré na Cille, an chéad úrscéal a scríobh Máirtín Ó Cadhain, ar cheann de mhórstarraicí liteartha na Nua-Ghaeilge tráth ar foilsíodh é i 1949. Aithris i ndeich n-eadarlúid a thug léargas eile ar fad ar shaol na Gaeltachta seachas an ‘idil thuaithe’ a facthas le leathchéad bliain roimhe sin i litríocht na hAthbheochana.
Mar shraith de chomráite idir na mairbh a aithrisítear an scéal, scéal a chuireann síos ar shaol an nua-adhlactha, Caitríona Pháidín, agus ar an naimhdeas saoil a bhí idir í féin agus a deirfiúr, Neil, atá fós ina steillbheatha. Tá an t-éad agus an cháiríneacht, an spíd agus an ghangaid phearsanta le fáil ina n-orlaí síos tríd an leabhar.

Tá an dráma á léiriú faoi stiúir Dharach Mhic Con Iomaire agus i measc scoth na n-aisteoirí Gaeltachta atá páirteach sa léiriú seo, tá Bríd Ní Neachtain, Macdara Ó Fátharta, Joe Steve Ó Neachtain, Peadar Lamb, Máire Uí Dhroighneáin, Tom Sailí Ó Flaithearta, Máire Ní Ghráinne, Tomás Ó Mainín agus Darach Ó Dubháin.

Is é Dara McGee, a ainmníodh do Ghradam ESB/Irish Times as an dearadh a rinne sé ar leagan Dharach Mhic Con Iomaire de An Béal Bocht le Myles na gCopaleen, atá i mbun dearadh seite, Breege Fahy atá i mbun dearadh cultacha, Adam Fitzsimons atá i mbun dearadh soilse agus Jack Cawley atá i mbun dearadh fuaime.

  

 Nuachtlitir - 
 - Cláraigh anois

Carrchlós

Bialann

Teil: (091) 563600/562024    R-phost: eolas@antaibhdhearc.com     www.antaibhdhearc.com
Deartha ag GWC                   © An Taibhdhearc 2003 - 2006

 
Baile/Home Imeachtaí/Events Stair/History Ticéidí/Tickets Suíomh/Location Amharclann Óige/Youth Theatre Seirbhísí/Services Eolas Teicniúil/Technical Information Nascanna/Links Teagmháil/Contact Us