Taibhdhearc na Gaillimhe



 


 

 

Tá oifigí na Taibhdheirce athlonnaithe go dtí St. Clare’s Walk, Sráíd Naomh Aibhistín. Beidh sonraí faoi na hionad a bheith léirithe ar stáitse le feiceál ar an suíomh seo.

Dátaí Dialainne



Go dTaga do Ríocht

Dráma nua- scríofa le Micheál Ó Chonghaile.
Léiriú de chuid Taibhdhearc na Gaillimhe

Áras na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Dataí: Dé Luain 14 Iúil – Dé Sathairn 19 Iúil 2008
Am: 8.00 i.n.

Ticéid €15 / €10

Dráma storrúil nua-aimseartha é Go dtaga do Ríocht a bhfuil an teannas, an t-imreas agus an ghangaid ina snaidhm reatha tríd. Tugtar léargas ann ar scéal Jimí, déagóir nach bhfuil ach i dtús aithne air féin, é cráite ag dúshláin mhóra an tsaoil – bás a mháthar, meon muiniceach a athar, éiginnteacht an ghnéis agus an chreidimh, saol agus sochaí Chonamara le hais an tsaoil atá ag a chomrádaí cathrach Kevin – Bleá Cliathach atá i gConamara ar chúrsa samhraidh.
I dteannta Jimí, castar orainn a athair – Patrickín – Finné Iáivé (Jehovah’s Witness) díocasach díograiseach arb é an chloch is mó ar a phaidrín craobhscaoileadh a chreidimh féin.

Ar cheann de shnátha eile an scéil tá an Gorta Mór agus an cogadh creidimh i gConamara aimsir an Drochshaoil a bhfuil a lorg le feiceáil ar an gcogadh creidimh atá ar siúl lenár linn féin idir Jimí agus a athair. Dráma é Go dtaga do Ríocht a bhfuil an dáiríreacht, an greann agus an ceol ina orlaí tríd.

Seo é an tríú ceann den triológ drámaí – suite i gConamara - a chum Micheál Ó Conghaile. Léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe an péire eile cheana: Cúigear Chonamara sa mbliain 2003 agus Jude in 2007.


  

 Nuachtlitir - 
 - Cláraigh anois

Carrchlós

Bialann

Teil: (091) 563600/562024    R-phost: eolas@antaibhdhearc.com     www.antaibhdhearc.com
Deartha ag GWC                   © An Taibhdhearc 2003 - 2006

 
Baile/Home Imeachtaí/Events Stair/History Ticéidí/Tickets Suíomh/Location Amharclann Óige/Youth Theatre Seirbhísí/Services Eolas Teicniúil/Technical Information Nascanna/Links Teagmháil/Contact Us