Taibhdhearc na Gaillimhe

 

 

 

 






 

Jude
le Micheál Ó Conghaile

Beidh Jude á léiriú faoi stiúir Sheáin Uí Thárpaigh i dTaibhdhearc na Gaillimhe. Sa dráma nua seo titeann an drioll ar an dreall nuair a scaoiltear fórsaí ollmhóra millteacha an teaghlaigh nuair a sceitear rún Jude.

Bean láidir, stuama, mhisniúil, cheannrodaíoch í Jude a chaith a saol ag stracadh ar son chearta na mban i saol na bhfear.

Páirteach sa léiriú seo, tá Áine Máire Ní Óráin (Fair City), Peadar Cox (Ros Na Rún), Mairéad Ní Ógáin (Bed Among the Lentils), Tara Bhreathnach (Rough Diamond), Dónall Ó Héalaí (Aifric) agus Tomás Mac Con Iomaire (Iar-Cheannaire RnaG). Is é Owen McCarthy a dhear an seit, Marcus Quinlan a dhear an soilsiú, agus Gearldine Maher a dhear na cultacha.

Bhuaigh an dráma seo an dara háit i nGradam Cuimhneacháin Bháitéir Uí Mhaicín. Beidh an dráma foilsithe, chomh maith le Gaeilgeoir Deireanach Charna le Breandán Ó hEadhra agus Incubus le Caitríona Ní Chonaola, (arna fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnachta) dhá dhráma eile a bhain áit amach faoi scéim an ghradaim, ar díol sa Taibhdhearc.

  

 

 Nuachtlitir - 
 Cláraigh anois

Carrchlós

Bialann

Teil: (091) 563600/562024    R-phost: eolas@antaibhdhearc.com     www.antaibhdhearc.com
Deartha ag GWC                   © An Taibhdhearc 2003 - 2006

 
Baile/Home Imeachtaí/Events Stair/History Ticéidí/Tickets Suíomh/Location Amharclann Óige/Youth Theatre Seirbhísí/Services Eolas Teicniúil/Technical Information Nascanna/Links Teagmháil/Contact Us