Go dtaga do ríocht
Dráma storrúil nua-aimseartha é Go dtaga do Ríocht a bhfuil an teannas, an t-imreas agus an ghangaid ina snaidhm reatha tríd.
Tugtar léargas ann ar scéal Jimí, déagóir nach bhfuil ach i dtús aithne air féin, é cráite ag dúshláin mhóra an tsaoil – bás a mháthar, meon muiniceach a athar, éiginnteacht an ghnéis agus an chreidimh, saol agus sochaí Chonamara le hais an tsaoil atá ag a chomrádaí cathrach Kevin – Bleá Cliathach atá i gConamara ar chúrsa samhraidh.
I dteannta Jimí, castar orainn a athair – Patrickín – Finné Iáivé (Jehovah’s Witness) díocasach díograiseach arb é an chloch is mó ar a phaidrín craobhscaoileadh a chreidimh féin.
Ar cheann de shnátha eile an scéil tá an Gorta Mór agus an cogadh creidimh i gConamara aimsir an Drochshaoil a bhfuil a lorg le feiceáil ar an gcogadh creidimh atá ar siúl lenár linn féin idir Jimí agus a athair. Dráma é Go dtaga do Ríocht a bhfuil an dáiríreacht, an greann agus an ceol ina orlaí tríd.
Seo é an tríú ceann den triológ drámaí – suite i gConamara - a chum Micheál Ó Conghaile. Léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe an péire eile cheana: Cúigear Chonamara sa mbliain 2003 agus Jude in 2007.
Faoi Dheireadh Thair
Dé Céadaoin 5 Márta – Dé hAoine 14 Márta 2008
Am: 8.00 i.n.
Dé hAoine 4 Aibreán agus Dé Satharn 5 Aibreán 2008
Dé Céadaoin 16 Aibreán – Dé hAoine 18 Aibreán 2008
Dataí: Dé hAoine 2 Bealtaine – Dé hAoine 9 Bealtaine 2008
Is in Árus do sheandaoine, áit atá an ghreann nádúrtha ar bharr a ghoib ag an seandream, atá Faoi Dheireadh Thair lonnaithe.
Ní hea an ghreann ar fad atá le feicéal ins an dráma seo áit a thagann eachtraí an saoil chun solais go poiblí agus corr uair go brónach.
Tá Faoi Dheireadh Thiar á léiriú faoi stiúir Josie Chóilí Óg Ó Cualáin. Páirteach sa léiriú seo, tá Diarmuid Mac an Adhastair, Caitlín Ní Chonghaile, Josie Chóilí Óg Ó Cualáin, Brídín Nic Dhonncha, Máire Uí Dhroighneáin, Joe Steve Ó Neachtain agus Máirín Uí Neachtain.
Scáth an Oilc
Dataí: Déardaoin 4 D. Fómhair – Dé Sathairn 13 D. Fómhair 2007
Dé Céadaoin 17 D. Fómhair agus Déardaoin 18 D. Fómhair 2007
Is é seo an chéad léiriú d’aistriúchán Pheadair Uí Chúláin ar The Power of Darkness, le John McGahern.
Saint, cúrsaí talún agus an creideamh na téamaí is mó a chothaigh aighneas in Éirinn san am a caitheadh, agus go deimhin, tá an scéal céanna amhlaidh i saol an lae inniu. Tá na téamaí seo fite fuaite sa dráma cumhachtach seo le John McGahern.
Tá Scáth an Oilc á léiriú faoi stiúir Tommy McArdle. Páirteach sa léiriú seo, tá Bairbre de Barra, Barbara Nic Dhonnacha, Micheál Ó Gruagáin, Séamus Ó hAodha, Nuala Hayes, Máirtín Jaimsie agus Eoghan Ó Riada.
Pósadh Figaro
Tá an leagan Gaeilge seo den cheoldráma á léiriú faoi stiúir Mary MacDonagh agus Steffen Jorgensen agus is é John Roe atá mar Stiúrthóir Ceoil.
I measc scoth na n-amhránaithe atá páirteach sa cheoldráma seo tá Brendan Collins, Joan O’Malley, Edel O’Brien, John Molloy, Jim Dillon, Sandra Schalks, Delia Boyce, Louise Colohan, agus an tAthair Michael Byrnes.
Is é John ODonoghue atá i mbun dearadh seite agus Pat O’Reilly atá i mbun dearadh soilse.
Jude, le Micheál Ó Conghaile
Beidh Jude á léiriú faoi stiúir Sheáin Uí Thárpaigh i dTaibhdhearc na Gaillimhe.
Sa dráma nua seo titeann an drioll ar an dreall nuair a scaoiltear fórsaí ollmhóra millteacha an teaghlaigh nuair a sceitear rún Jude.
Bean láidir, stuama, mhisniúil, cheannrodaíoch í Jude a chaith a saol ag stracadh ar son chearta na mban i saol na bhfear.
Páirteach sa léiriú seo, tá Áine Máire Ní Óráin (Fair City), Peadar Cox (Ros Na Rún), Mairéad Ní Ógáin (Bed Among the Lentils), Tara Bhreathnach (Rough Diamond), Dónall Ó Héalaí (Aifric) agus Tomás Mac Con Iomaire (Iar-Cheannaire RnaG). Is é Owen McCarthy a dhear an seit, Marcus Quinlan a dhear an soilsiú, agus Gearldine Maher a dhear na cultacha.
Bhuaigh an dráma seo an dara háit i nGradam Cuimhneacháin Bháitéir Uí Mhaicín. Beidh an dráma foilsithe, chomh maith le Gaeilgeoir Deireanach Charna le Breandán Ó hEadhra agus Incubus le Caitríona Ní Chonaola, (arna fhoilsiú ag Cló Iar-Chonnachta) dhá dhráma eile a bhain áit amach faoi scéim an ghradaim, ar díol sa Taibhdhearc.
Oíche le Chekhov
Beidh 3 dhráma de chuid Anton Chekhov á léiriú ag na Crosáin, Amharclann Óige na Taibhdheirce, faoi stiúir Mharc Mhic Lochlainn.
Thosaigh an togra dúshlánach seo i mí na Samhna. Is iad na haisteoirí agus stiúrthóirí a d’aistrigh na drámaí go Gaeilge agus is iad na baill iad féin atá á stiúradh.
Tá Marc mac Lochlainn, stiúrthóir na gCrosáin, an-sásta leis an méid oibre a chuir na Crosáin isteach sna Píosaí:
‘Beidh muid ag léiriú AN BÉAR, AN DRÁMA agus AN CHEIST, is drámaí iontacha iad seo agus is deis tábhachtach é seo do na haisteoirí óga go bhfuil siad in ann dul i ngleic le scríbhneoir mór le rá ar nós Chekov.”
Mamó Gé
Seó é seo a d’fheilfeadh páistí de gach aois - ó cheathair go nócha a ceathair bliain d’aois! Neart ceoil, craic, gáire agus draíochta!
Tá cónaí ar Mhamó Gé agus a clann láimh le Bearna. Ainneoin an Tíogair Cheiltigh, tá siad beo bocht, agus an baol ann go gcaithfidh an tiarna talún Seoinín Mac Slíbhín amach ar thaobh an bhóthair iad. Nuair a thagann Daisy, iníon Mhamó Gé ar ghé a bheireann uibheacha órga, ceapann an chlann go bhfuil deireadh lena gcuid trioblóidí – ach i ndáiríre, níl siad ach ina dtús.
Tá cliar mhór millteach tugtha le chéile againn ó cheann ceann an chontae: Áine Ní Dhroighneáin (Charity You’re A Star), Eoin Mac Diarmada (Ros Na Rún), Donncha Crowley (Fair City), Eithne Nic Enrí (Aifric) agus Tara Bhreathnach.
Scríofa ag Peadar Cox agus faoi stiúir Dhiarmuid de Faoite, is í Nuala Ní Channain atá i bhfeidhil an cheoil, Dara McGee atá i mbun dearadh seite, Charmian Goodall i mbun dearadh cultacha agus Jim Faulkner i mbun dearadh soilse.
Cré na Cille
Bhí Cré na Cille, an chéad úrscéal a scríobh Máirtín Ó Cadhain, ar cheann de mhórstarraicí liteartha na Nua-Ghaeilge tráth ar foilsíodh é i 1949.
Aithris i ndeich n-eadarlúid a thug léargas eile ar fad ar shaol na Gaeltachta seachas an ‘idil thuaithe’ a facthas le leathchéad bliain roimhe sin i litríocht na hAthbheochana.
Mar shraith de chomráite idir na mairbh a aithrisítear an scéal, scéal a chuireann síos ar shaol an nua-adhlactha, Caitríona Pháidín, agus ar an naimhdeas saoil a bhí idir í féin agus a deirfiúr, Neil, atá fós ina steillbheatha. Tá an t-éad agus an cháiríneacht, an spíd agus an ghangaid phearsanta le fáil ina n-orlaí síos tríd an leabhar.
Tá an dráma á léiriú faoi stiúir Dharach Mhic Con Iomaire agus i measc scoth na n-aisteoirí Gaeltachta atá páirteach sa léiriú seo, tá Bríd Ní Neachtain, Macdara Ó Fátharta, Joe Steve Ó Neachtain, Peadar Lamb, Máire Uí Dhroighneáin, Tom Sailí Ó Flaithearta, Máire Ní Ghráinne, Tomás Ó Mainín agus Darach Ó Dubháin.
Is é Dara McGee, a ainmníodh do Ghradam ESB/Irish Times as an dearadh a rinne sé ar leagan Dharach Mhic Con Iomaire de An Béal Bocht le Myles na gCopaleen, atá i mbun dearadh seite, Breege Fahy atá i mbun dearadh cultacha, Adam Fitzsimons atá i mbun dearadh soilse agus Jack Cawley atá i mbun dearadh fuaime.