|

__________________________________________________________________
Cad é?
Is dianchúrsa oiliúna atá sna Crosáin a thugann deis do daoine óga taithí a fháil ar na gnéithe éagsúla a bhaineann le saol na hamharclainne.
Cuirtear béim ar leith ar cheird na haisteoireachta trí bhunscileanna éagsúla na haisteoireachta a fhorbairt.
Ina measc seo, díreofar go sonrach ar na gnéithe seo a leanas:
- Samhlaíocht
- Gluaiseacht
- Mím
- Urlabhraíocht & Cur i láthair
- Féinmhuinín
- Carachtair
Ardán nó Dordán?
Beidh dhá chraobh ag Na Crosáin – Ardán & Dordán
Beidh Ardán dírithe ar an aoisghrúpa 15 – 20.
Beidh Dordán dírithe ar an aoisghrúpa 11 – 15.
Cén Áit?
Beidh Na Crosáin lonnaithe sa Taibhdhearc i nGaillimh agus i Seanscoil Shailearna i gConamara. Beidh grúpa amháin i ngach ionad. Tiocfaidh an dá ghrúpa le chéile go rialta chun freastal ar cheardlanna speisialta.
Cén Uair - Ardán?
Beidh Ardán ar siul ó Mhí Mheán Fhómhair 2007 go Mí Bealtaine 2008 agus arís sa bhFómhar. Beidh na ceardlainn ar siúl gach maidin Dé Satharn sa Taibhdhearc ón 12 meánlae go dtí 2.00 i.n.
Cén Uair - Dordán?
Beidh Dórdán ar siúl ó Mhí Mheán Fhomhair 2007 go Mí Bealtaine 2008 agus arís sa bhFómhar. Beidh dhá ghrúpa ag freastal ar an gcúrsa, tiocfaidh an grúpa i gConamara le chéile gach tráthnóna Dé Céadaoin. Tiocfaidh an grúpa i nGaillimh le chéile gach maidin Sathairn. Mairfidh na ceardlanna 2 uair a' chloig.
Cé a bheidh ina bhun?
Taibhdhearc na Gaillimhe a reachtáileann an cúrsa. Is é Marc Mac Lochlainn a bheidh i mbun an chúrsa i nGaillimh. Is iarmhúinteoir meánscoile é Marc atá anois dírithe ar chúrsaí drámaíochta agus oiliúna go lánaimseartha. Tá a chomhlacht drámaíochta féin aige - Branar Drámaíocht - a bhíonn ag freastal ar scoileanna go náisiúnta. Is é Beartla Ó Flatharta a bheidh i mbun an chúrsa i Seanscoil Shailearna.
An Chliar?
Is iad an Chliar an grúpa a bheidh ag freastal ar an gcúrsa. Is ar bhonn éisteachta a roghnófar an Chliar. Roghnófar 20 duine le bheith sa Chliar i ngach aon ionad. Is trí mheán na Gaeilge a reachtálfar gach gné den chúrsa. Ní mór d’iarrthóirí Gaeilge líofa a bheith acu. .
Imeachtaí Speisialta?
Beidh cliar na gcúrsaí ag freastal ar léirithe gairmiúla go rialta mar chuid dá n-oiliúint. Beidh ceardlanna speisialta ar bun go rialta ina mbeidh aoi-chainteoirí páirteach ag tabhairt eolais maidir le sainghnéithe ar leith den amharclannaíocht.
Dráma?
Beidh dráma á léiriú ag gach aon grúpa ag deireadh an chúrsa. Is iad an grúpa féin a chumfaidh an dráma agus a bheidh freagrach as gach gné den léiriú. Léireofar an dráma sa Taibhdhearc don phobal.
Costas?
€75 costas in aghaidh an téarma.
Breis Eolais
Is féidir breis eolais a fháil ach dul i dteagmháil linn ag eolas teagmhála.

|