Leagan nua-aoiseach, spreagúil den dráma cáiliúil, a bhfuil macallaí ann den ghéarchéim a tharla i gcúrsaí uisce i nGaillimh. Baineadh leas as fotheidil ins an léiriú – rud nua i ndrámaíocht na Gaeilge, sa chaoi gur féidir le cách tuiscint a fháil ar an dráma.
Thug an comhfhiontar seo – an chéad cheann idir an Taibhdhearc agus an compántas Moonfish Theatre – cuireadh don phobal, idir lucht labhartha na Gaeilge agus an dream nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu, sult a bhaint as an dráma agus machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna a chuirtear ann.
Suite i mbaile beag cois farraige, déanann Namhaid don Phobal cur síos ar a dtiteann amach nuair a thagann an dochtúir áitiúil ar nimh i gcóras uisce an bhaile, rud a d'fhéadfadh deireadh a chur le heacnamaíocht turasóireachta an bhaile. Ar chóir dó an scéal a scaoileadh leis an bpobal, nó éisteacht le comhairle a dheartháir (méara an bhaile) agus a bhéal a choinneáil dúnta ...?
Níl amhras ach go raibh an léiriú seo de Namhaid don Phobal ar cheann de na léirithe is cumhachtaí agus is dána dá chonacthas i 2009.
Bhí na haisteoirí aitheanta stáitse agus scáileáin Brendan Conroy, Peadar Ó Treasaigh agus Donncha Crowley (triúr a facthas sa scannán Kings) i bpríomh-pháirteanna, chomh maith le Bríd Ní Neachtain (Juno and the Paycock – The Lyric Theatre, Woman and Scarecrow – Amharclann na Mainistreach, Dancing at Lughnasa agus Cré na Cille). Tá aithne mhaith freisin ar Phádraic Ó Tuairisc, Darach Ó Dubháin (a bhí ag ‘rapáil’ le Des Bishop ar an gclár faisnéise In the Name of the Fada de chuid RTÉ), ar Shéamuis Ó hAodha, Morgan Cooke agus ar Ionia Ní Chróinín.
Cé go léirítear Namhaid don Phobal go minic san Iorua agus thar lear ní hé an oiread sin eolais atá ar an dráma in Éirinn. An ócáid dheireanach ar cuireadh ar stáitse é go gairmiúil sa tír seo ba leagan Gaeilge é a rinne An Taibhdhearc i 1948.
Thug an léiriú seo le fotheidil deis, nach bhfaightear ach go hannamh, do lucht féachana dráma clúiteach de chuid duine de mhór-dhrámadóirí an domhain a fheiceáil.