Nuadhrámaíocht
_______________________________________________________________
Leanann tradisiúin na haisteoireachta
amaitéaraí i dTaibhdhearc na Gaillimhe go dtí an lá atá inniú ann
tríd Compántas na Taibhdheirce. Tacaítear leis an nglúin nua chomh
maith tríd an scéim Na
Crosáin, a thugann traenáil amhrclannaíochta do dhéagóirí. Ag an
am céanna tugann an Taibhdhearc deiseanna do scríbhneoirí,
léiritheoirí, aisteoirí agus dream teicniúil tus a chur lena saol
oibre tríd an fóraim Fuadar Feabhra agus Scálaí Samhna.
Mar a bhí ón tús is le cos amháin sa
traidisiúin agus aghaidh ar an todhchaí a fhorbraíonn Taibhdhearc na
Gaillimhe agus le blianta beaga anuas cuireadh an drámaíocht
ghairmiúil ar chlár oibre na hAmharclainne. Mar chuid lárnach den
sceideal i 2001 bhí léiriúcháin garimiúil de Ag Claí na Muice
Duibhne, aistriúcháin de dhráma Vincent Woods (At the Black Pig’s
Dyke) agus léirithe ag Maelíosa Stafford.
Amharclann Náisiúnta na Gaeilge ~ Bunú na hAmharclainne
An Chéad
Stiúrthóir ~ An Chéad
Léiriú