Ó Shin i Leith
______________________________________________________________
Le linn na mblianta ó Lúnasa 1928, is
breá an comhluadar a bhí ag na haisteoirí a sheas ar stáitse na
Taibhdheirce ar an gcéad oíche. Faoin am go raibh 25 bilan
bainte amach ag an amharclann bhí glúin nua aisteoirí tagtha chun
cinn le páirt a ghlacadh i léiriúcháin cheiliúrtha Dhiarmuid agus
Gráinne. Ina measc, bhí Peadar Lamb, Treasa Davidson agus Eithne Ní
Liodáin.
Ar na
haisteoirí a ba mhó le rá i stair na Taibhdheirce bhí Siobhán Nic
Cionnaith a chuaigh ar aghaidh ón aisteoireacht amairéarach le
bheith ina haisteoir gairmiúil agus a bhain cáil amach i léiriúcháin
de St Joan le Shaw (San Siobhán), drama ar aistrigh sí féin go
Gaeilge.
Ar na leiriúcháin a ba mhó le rá de
chuid Thaibhdhearc na Gailimhe, bhí Waiting for Godot, Cosi Fan
Tutte agus, le déanaí, Níor Mhaith Linn do Thrioblóid dráma
nuascríofa le Joe Steve Óneachtain agus Cré na Cille le Máirtín Ó
Cadhain, curtha in áirithe don stáitse ag MacDara Ó
Fátharta.
Amharclann Náisiúnta na
Gaeilge ~ Bunú na hAmharclainne
An Chéad
Stiúrthóir ~ An Chéad
Léiriú