Beidh Coirmcheoil Phádraig ar bun arís i mbliana i St. Patrick’s Band Hall, Fairgreen i gCathair na Gaillimhe, ag tosaigh ag a hocht a’chlog.
Seo coirmcheoil thraidisiúnta Lá na Féile Pádraig, ina ndéantar ceiliúradh ar mhór amhráin agus ar cheol na hÉireann - léiriú de chuid na Taibhdheirce a reachtáilfear i gcomhpháirteach le Tom Cullivan.
Ag glacadh páirt sa gceolchoirm seo beidh na hAmhránaithe: Seosamh Ó Flaithearta, Hildegarde Ní Neachtain agus Sandra Schalks; na Ceoltóirí: Tom Cullivan (pianó), Éamonn Rabbitte (veidhlín) agus Elena Gekker (pianó).
I measc an rogha a bheidh ar an gclár, beidh saothair de chuid Ó Catháin, O’Carolan agus Cullivan, chomh maith le amhráin ó Balfe, Moore agus Wallace. Chun ceiliúradh céad bliain a dhéanamh ar bhreith Mháirtín Ó Direáin, beidh an t-aisteoir Séamus Ó hAodha ag léamh rogha dá chuid dánta.
Tá fáilte chaoin roimh an bpobal bheith i láthair ar an Domhnach 14ú Márta, áit a mbeidh rogha agus togha an cheoil le cloisteáil agus é á chasadh ag plúr na n-oirfideach.