Seirbhísí
Comhlacht Léiriúcháin

Is í an phríomhaidhm atá ag Taibhdhearc na Gaillimhe mar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge ná drámaíocht na Gaeilge a chur chun cinn. Chuige seo léiríonn muid, ar an meán, 5 dhráma in aghaidh na bliana, chomh maith le glaice mór drámaí tionscnamh agus nuadhrámaí tríd na scéimeanna Fuadar Feabhra agus Scáilí Samhna. Má tá spéis agat a bheith páirteach i léirithe na Taibhdheirce cur scéala chugainn.

Sheol muid Gradam Cuimhneacháin Bháitéar Uí Mhaicín, comórtas scriptscríbhneoireachta i 2003 mar chuid de Cheiliúradh in aitheantas ar an tionchar láidir a bhí ag Ó Maicín i bhforbairt na hamharclainne sna tríochaidí.

Ionad

Cuirtear an amharclann ar fáil ar cíos do chomhlachtaí léiriúcháin eile le haghaidh ócáidí ceoil, siamsaíochta, drámaíochta, léachtanna, léitheoireachta filíochta, oscailtí agus ar eile. Má tá spéis agat imeacht a chur ar siúl sa Taibhdhearc is féidir glaoch a chur ar an riarthóir, Bridget Bhreathnach le tuilleadh eolais a fháil.

Bíonn réimse leathan imeachtaí ar siúl san amharclann idir ceolchoirmeacha agus drámaí. Le bliain anuas chuir muid fáilte roimh Luka Bloom, Jerry Fish & The Mudbug Club, The Four of Us i measc ceoltóirí eile, chomh maith le réimse leathan comhlachtaí léiriúcháin a chur drámaí den scoth ar stáitse na Taibhdheirce.

Gailearaí

Cuirtear Stiúideo na Taibhdheirce ar fáil le haghaidh taispeántais ealaíne go rialta. Tá an spás an-fheiliúnach ó thaobh solais de, seomra áiléir atá i gceist le solas nadúrtha trí fhuinneoga sa tsíleáil. Ballaí arda bána atá ann le hurlár adhmaid. Cuirtear rátaí réasúnta ar fáil.

Na Crosáin - Amharclann Óige na Taibhdheirce

Seoladh an scéim seo i 2003 mar chuid de cheiliúradh 75 bliain na Taibhdheirce. Cúrsa ceardlainne, 15 seachtain atá i gceist.