Is iomaí forbairt atá tarlaithe sa Taibhdhearc ó bunaíodh í sa bhliain 1928, agus tá sí fós ag tógáil ar a bunchloch daingean agus ar aidhm a bunaitheoirí, go mbeadh An Taibhdhearc mar theallach ag drámaíocht na Gaeilge agus go spreagfadh sí nuadhrámaíocht na Gaeilge.
Tosaíonn scéal na Taibhdheirce sa bhliain 1927, tráth go raibh scéal i mbéal an phobail go raibh giúmar báúil, croíúil agus flaithiúil amach is amach ar an Aire Airgeadais, Earnán de Blaghad i leith na drámaíochta. Bhí saoirse nuabhainte sa tír agus bhí faobhar le gluaiseacht athbheochan na Gaeilge. Thug an tOllamh Liam Ó Briain, Ollamh na dTeangacha Románsúla i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh aghaidh ar Bhaile Átha Cliath agus fís faoin a ascaill aige, is é ag lorg tacaíochta ón Aire do amharclann lán Ghaeilge. Nuair a bhuail sé anoir arís bhí £600 faoin ascaill aige leis an bhfís a chur i gcrích. Is mar sin a tháinig an Taibhdhearc ar an saol i 1928.
Focal fíorshean ó Leabhar Ard Mhacha ón 9ú aois, is ea an focal Taibhdhearc, cumtha as meascán de ‘taibh’ agus ‘dearc’. Is í an chiall atá leis ná radharc nó láthair draochtúil. Ar ndoigh bhí ar na bunaitheoirí go leor a chumadh agus a cheapadh agus a tharraingt as an aer le go n-éireodh leis an amharclann.
Is beag cosúlacht a bhí ag Taibhdhearc na linne sin leis an téatar atá ann inniu. Thánathas ar sheanhalla (Father Crotty's Hall) leis na hAibhistínigh sa tSráid Láir nár baineadh úsáid as le blianta fada. Fuair an amharclann é ar chíos íseal. Ní ghá a rá nach raibh aon chíos á íoc ag na taibhsí a raibh cead a réime acu sa seanhalla sular tháinig an Taibhdhearc isteach. Tá said bríomhar fós, deirtear!
Bhí coiste díograiseach cruinnithe faoin am seo agus an Dochtúir Séamas Ó Broin ina Chathaoirleach orthu. Ina measc bhí, Liam Ó Briain. Bhí dhá dheacracht mhór os comhair an choiste seo, ganntanas aisteoirí agus ganntanas drámaí dúchasacha.
Tháinig leigheas ar an dá fhadhb seo, sa ghearrthéarma ar aon nós, nuair a thúirling Compántas Shakespeare Anew McMaster i nGaillimh le léiriú de The Taming of the Shrew. Tharraing buanna dhuine de na haisteoirí aird an Ollaimh Uí Bhriain. Más fíor a n-instear, chas sé chuig Sean Phádhraic Ó Conaire a bhí ina shuí in aice leis agus chuir sé an cheist, “Cé hé siúd?”, “Mícheál Mac Liammóir,” a d’fhreagair Sean Phádhraic, “Tá greadadh Gaeilge aige.” Chuaigh siad chun cainte leis agus fostaíodh é mar Stiúrthóir Ealaíne.
Chuir Mac Liammóir tús spleodrach le saol na Taibhdheirce. Thug sé draoiocht agus dúthracht leis chuig an amharclann. Dúine de mhórphearsana an téatair in Éirinn, bhain sé clú agus cáil leitheadach dó féin mar sháraisteoir agus údar.
Fágadh ag Mac Liammóir agus a chomhghleacaí Hilton Edwards, feoil a chur ar chreatlach na físe d’Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. Cinneadh dráma nua a stáitsiú leis an Taibhdhearc a sheoladh agus b'é sin Diarmuid agus Gráinne a scríobh Mícheál é féin. Bhí Mac Liammóir féin foirfe mar Dhiarmuid, má tá tuairiscí na gcailíní i siopa tae Uí Loidáin i Sráid na Siopaí sa Ghaillimh le creidiúint. “Baineadh geit asainn uilig, bhí sé chomh slachtmhar sin,” a deir duine acu, “thit muid uilig i ngrá leis.” Is cosúil go ndearna sé gaisce soilseach sa phríomhpháirt mar Dhiarmuid an Ghrá.
Bhí neart réalta eile ar stáitse le Mac Liammóir ar an oíche sin, 27 Lúnasa 1928, nuair a osclaíodh an dráma. Ina measc bhí an file Máirtín Ó Direáin a ghlac ról beag ann, chomh maith leis an bhfonnadóir cáiliúil Máire Ní Scolaí, a rinne páirt Ghráinne go niamhrach agus a bhain cáil idirnáisiúnta amach ina dhiaidh sin as a cuid amhránaíochta.
I gcaitheamh na mblianta ó Lúnasa 1928, is breá an comhluadar a bhí ag na haisteoirí a sheas ar stáitse na Taibhdheirce ar an gcéad oíche. Faoin am go raibh 25 bliain bainte amach ag an amharclann bhí glúin nua aisteoirí tagtha chun cinn le páirt a ghlacadh i léiriú ceiliúrtha Dhiarmuid agus Gráinne le Mícheál Mac Liammóir. Ina measc, bhí Peadar Lambe, Treasa Davidson agus Eithne Ní Loidáin.
Ar na haisteoirí ba mhó le rá i stair na Taibhdheirce bhí Siobhán Nic Cionnaith a chuaigh ar aghaidh ón aisteoireacht amaitéarach le bheith ina haisteoir gairmiúil ar stáitse agus sna scannáin agus a bhain cáil amach don Taibhdhearc i léiriú de San Siobhán - St. Joan le Shaw an dráma a d'aistrigh sí féin go Gaeilge. Tá cuimhne fós ar na ngaisce a rinne Coiril [agus Páidín] i gcaitheamh na mblianta ar stáitse. Is fiú freisin Mícheál Lally agus Seán McGlory a lua.
Ar na leirithe a ba mhó le rá de chuid Thaibhdhearc na Gailimhe níos faide anonn, bhí:
An Triail le Mairéad Ní Ghráda
Waiting for Godot le Samuel Becket
An Giall le Breandán Ó Beacháin
Mise Raifteirí le Criostóir Ó Floinn
Imeachtaí na Saoirse le hAntoine Ó Flatharta
Ortha na Seirce le Johnny Chóil Mhaidhc
Iúdás Iscariot agus a Bhean le Seán Ó Tuama
Cúirt an Mheán Oíche le hEoghan Ó Tuairisc
Óinseacha le Pádraig Ó Giollagáin
Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, cóirithe don stáitse ag Mac Dara Ó Fátharta.
Maggie Mhór le John B. Keane
An Spuaic Sóláis le Bryan McMahon
Buachaill Báire an Domhain Thiar le John B. Synge
Harvey le Mary Chase
Ag Claí na Muice Duibhe le Vincent Woods
Cúigear Chonamara le Mícheál Ó Conghaíle
Scaoil leis an gCaid le Breandán M. Mac Gearailt
Le goirid bhí:
Cripil Inis Meáin le Martin McDonagh
Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir
Níor Mhaith Liom Do Thrioblóid le Joe Steve Ó Neachtain
Coinneáil Orainn le Darach Ó Scolaí
Mar a bhí ón tús, is le cos amháin sa traidisiúin agus aghaidh ar an todhchaí a fhorbraíonn Taibhdhearc na Gaillimhe. Tacaítear leis an nglúin nua trí scéim Na gCrosán, a thugann oiliúint amharclannaíochta do dhéagóirí. Sa bhliain 1999, sheol Bord na Stiúrthóirí polasaí nua ealaíne. B'é sin níos lú drámaí a léiriú ach go mbeadh gach léiriú á mhaoiniú ag leibhéal iomlán gairmiúil. Ceapadh Darach Mac an Iomaire mar an chéad Stiúrthóir Ealaíne faoin scéim nua agus is mó rudaí fónta a chuir sé leis an amharclannaíocht sa Taibhdhearc.
Ag leanúint leis an bhfís a bhí ag lucht a bunaithe, go mbeadh An Taibhdhearc mar láthair do ócáidí agus do dhrámaí Gaelacha go ginearálta, táthar ag cur i gcónaí leis an réimse siamsaíochta a bhíonn ar fáil sa Taibhdhearc idir dhamhsa, ceoldrámaí, oícheanta ceoil agus réimse leathan drámaíochta ar feadh na bliana.
Is iomaí oíche shuáilceach, aislingeach a caitheadh i dTaibhdhearc na Gaillimhe ón mbliain 1928 agus leanfar leis an traidisiún sin amach anseo.
Cuireadh Gradam Cuimhneacháin Bháitéir Uí Mhaicín ar bun mar chuid lárnach de cheiliúradh 75 bliain na Taibhdheirce mar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, chun scríbhneoirí na Gaeilge a spreagadh chun pinn agus chun torradh a saothair a léiriú ar stáitse.
Bronnadh Gradam Cuimhneacháin Bháitéir Uí Mhaicín agus €5,000 ar Dharach Ó Scolaí as Indreabhán, Conamara, as ucht an dráma Coinneáil Orainn agus bhí an dráma mar mhór-léiriú i Fómhair 2005.
Bronnadh Gradam speisialta agus €2,500 ar Mhícheál Ó Conghaile chomh maith de bharr caighdeán a dhráma Jude agus mar aitheantas ar dhráma eile leis Go dTaga Do Ríocht.
Bronnadh dhá dhuais aitheantais ar bheirt scríbhneoirí eile freisin - Caitríona Ní Chonaola (ar an dráma Incubus) agus Breandán Ó hEaghra (Gaeilgeoir Deireanach Charna).
Sheol Taibhdhearc na Gaillimhe na sonraí do Ghradam Scríbhneoireachta Bháitear Uí Mhaicín 2010 ar an 19ú Iúil 2009 sa Gallery Café in Iarsmalann na Gaillimhe. Ba mhór an onóir Mairéad Ní Choinceannain, a d'oibre leis an uasal Uí Mhaicín, a bhí i láthair mar aoi-chainteoir ar an lá.
Leis an duaischiste is mó sa tír ó thaobh na scríbhneoireachta de, tá an Taibhdhearc ag súil go dtabharfaidh an gradam spreagadh do ghlúin nua peann a chuir le pár.
Beidh €7,500 le buachan don fhad-dhráma is fearr chomh maith le €1,000 don ghearrdhráma is fearr. Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil anseo ar an suíomh, nó a dhul i dteagmháil leis an oifig chun foirm a fháil sa phost.
Cliceáil anseo chun an foirm iarratais (PDF) a íoslódáil.
Táille Iontrála: €50
Spriocdáta: Lá Bealtaine 2010