An Todhcaí – An Ré Nua!
A chairde na Taibhdheirce,

Mar is eol díbh tá an fhoirgnimh ar an tSráid Lár dúnta anois ar feadh os cionn dhá bhliain mar gheall ar tine sna seomra feistis agus thíos staighre. Tá sé de aidhm láidir againn an áis álainn Ghaeilge i lár chathair na Gaillimhe a bheith ar oscailt chomh luath agus is féidir. Mar gheall ar an lagtrá eacnamaíochta is cosúil nach bhfuil an t’airgead go léir ag an rialtas chun cabhrú linn na doirse a oscailt.

Mar gheall ar seo tá Taibhdhearc na Gaillimhe ag cur feachtas maoiniú náisiúnta lé chéile. Mar chuid lárnach den bhfeachtas seo beidh muid ag brath ar chairde na Taibhdheirce agus iad siúd atá báiúl don drámaíocht, don teanga agus don chultúr i gcoitinne chun seasamh linn chun muid a chuir ar ais ar an t-seanléim agus aghaidh a thabhairt ar todhcaí amharclainneacht trí mheán na Gaeilge.

Tá pleananna úaillmhianach againn don dTaibhdhearc amach anseo agus tá muid ag súil go mór leis na séasúir atá le teacht. Beidh chuile cinneáil ghníomhaíocht stáitse ar bun againn i 2010/11, agus tá súil mór againn go mbeidh ár amharclann álainn stairúil fhéin againn chun na h’íbirt seo a thaispeáint i gceartlár an aonaigh, i gCathair na Gaillimhe. Bígí linn i gcóir an drámaíocht, an ceoil, an amhránaíocht, an séasúir nua damhsaíocht, an fhilíocht, na léachtanna, obair na Crosáin is an iomad spraoi a bhaineann le bhúr nAmharclann Naisiúnta.

Tá muid fíor bhuíoch i gcónaí as ucht an tacaíocht a thug sibh dúinn síos tríd na blianta agus anois agus an criú ar an dtáirne tá muid dóchasach go seasfaidh sibh linn.

Tá cúntas bainc speisialta oscailte againn i gcóir an ath tógáil.

Is féidir cabhrú linn le bhúr n’urraíocht chuig:
Banc Aontas Éireann (AIB),
Caisleán an Loingsigh,
Gaillimh.
Uimhir Cúntas: 66922210
Cód Sórtála: 937096

Beirimís Bua le chéile.

Breathnaigí ar na bpleananna i gcóir ath tógáil an fhoirgnimh: