Bhí geamaireacht ar siúl ag Taibhdhearc na Gaillimhe – Tóraíocht an Yummy Mummy – a scríobh Risteárd Ó Broin (Dick Byrne) go speisialta don Taibhdhearc.
Siod í an cúigiú geamaireacht déag atá scríofa ag Risteárd Ó Broin do Thaibhdhearc na Gaillimhe. B’é Éamonn Draper an Stiúrthóir agus b’í Máire Stafford a d’aistrigh na hamhráin go Gaeilge, amhráin arb iad ABBA a scríobh na bunleagan agus cumadóirí nach iad. Dar ndóigh, is fada Máire agus Risteárd ag obair lena chéile ar gheamaireachtaí na Taibhdheirce.
Scéal ar mhúnla Indiana Jones atá i ngeamaireacht na bliana seo: téann an Dr Stanley agus Ollie go dtí an Éigipt ag cuartú thuamba an Bhanfharó Hatchetsoup – seanchailleach oilbhéasach chontúirteach. Dar ndóigh, tá baddies go leor sa scéal, ar nós an tArd-Draoi Kino agus a leathbhádóir Ali Flicknife, a fhéachann le stop a chur le Stanley agus Ollie, agus an tuamba agus na seoda atá i bhfolach ann a aimsiú dóibh féin.
Ina dteannta siúd, tá baicle mhór de charachtair eile páirteach sa gheamaireacht, ina measc an fearaí fiáin Ellie a thiteann i ngrá le duine de na buachaillí. Mar is dual do scéal ar bith a bhfuil mumaí ann, tá mallacht an mhumaí ann, mallacht a thitfidh ar aon duine a theagmhóidh le taisí an Bhanfharó Hatchetsoup.
Ag glacadh páirt bhí Maidhc P. Ó Conaola, Séamus Ó hAodha, Máire Bhreathnach, Linda Bhreathnach, Micheál Ó hAinnín, Gail Curry, Tara Bhreathnach, Seán Mac Giollarnáth, Gerry Ferguson agus breis eile.