Ceiliúradh Cruitireachta – Happy Birthday Mary O’Hara
Ceiliúradh Cruitireachta – Happy Birthday Mary O’Hara
12 Bealtaine 2024
Seolfar albam úr Moya Brennan agus Cormac de Barra Voices and Harps IV ar bhreithlá Mary O’Hara Dé Domhnaigh 12 Bealtaine 7pm ag ócáid speisialta le Cruit Éireann|Harp Ireland i dTaidhbhearc na Gaillimhe. Tugann Voices & Harps IV, aitheantas do shaol agus do cheol Mary le foinn agus amhráin ar nós An Maidrín Rua agus The Spinning Wheel. Beidh Mary fhéin inár dteannta dár ndóigh agus cuirfear fáilte mhór roimpi ar an oíche mhór ceiliúrtha seo.
“Ba chruitire inspioráideach agus ceannródaí ár dtraidisiúin í Mary, agus is mó duine a raibh tionchar aici ar a gcuid ceoil, Moya Brennan agus Cormac de Barra san áireamh. Bígí linn d’ocáid fíorspéisialta agus muid ag ceiliúradh cruitire agus amhránaí den scoth” arsa Lauren Ní Néill, Príomhfheidhmeannach Chruit Eireann|Harp Ireland.
————
Join Cruit Éireann | Harp Ireland for Happy Birthday, Mary O’Hara in Taidhbhearc na Gaillimhe on Sunday 12 May at 7pm, as we celebrate the renowned Mary O’Hara’s birthday with the release of Voices and Harps IV; Moya Brennan and Cormac de Barra’s latest album.
Mary O’Hara was an inspirational harper|singer and a pioneer of the harping tradition, whose songs to her harp accompaniment influenced musicians all over the world, and who held countless audiences spellbound from London’s Albert Hall to Carnegie Hall, New York to the Sydney Opera House. “Voices & Harps IV, Moya Brennan and Cormac de Barra’s latest album pays tribute to the life and music of Mary O’Hara with old favourites such as An Maidrín Rua and The Spinning Wheel. We are delighted that Mary herself will join us for this special occasion that will showcase her music to a new generation” commented Lauren Ní Néill, Cruit Éireann| Harp Ireland’s CEO.
Ná caill an deis seo. Bígí linn!
Nótaí na himeachta:
doirse 6.30pm
seó 7pm
Ticéid:
Ginearálta €20 + táille áirithinte
Lacáiste €15 + táille áirithinte
Naomi Berrill
Naomi Berrill is a cellist, multi-instrumentalist, composer and singer, from Galway
The Dirty Circus
The Dirty Circus
Féile Tonnta
4 Feabhra 2024 8pm
Tá an seó buirlisc agus ceabairé, The Dirty Circus ag feidhmiú ar feadh os cionn 14 bliain. Bí ag súil le buirlisc, damhsa cuaille, banríon draig agus coiméide! Cuirtear fáilte roimh éagsúlacht, muinín choirp agus féinléiriú. Tá taithí ag The Dirty Circus ag cur seónna i láthair ar fud fad na tíre agus an fhéile mór le rá, Electric Picnic. Oíche leictreach den chéad scoth a bhéas ann le Gaeilge agus galántacht, ná caill amach!
Nótaí na hImeachta
Doirse 7.30pm
Ticéid €20 + táille áirithinte
Aideen McQueen (MC agus Gaeilgeoir)
Daria Decollette (buirlisc agus Gaeilgeoir)
Chrome Doll (damhsa cuaille)
Neon Love (draig)
Barbara Vixen (amhránaíocht) Gaeilge, Béarla, Iodáilis
Podchraoladh: Beo ar Éigean
Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn.
Podchraoladh: Same But Different
Podchraoladh: Same But Different
Le Keelin Moncrieff agus Eimear O’Reilly
26ú & 27ú Eanáir
Nótaí na hImeachta
Doirse 7pm
Seó 8pm
DÍOLTA AMACH
Ceardlann drámaíochta le Séamus Hughes
Tá ríméad ar Fíbín sa Taibhdhearc ceardlann drámaíochta a chur ar siúl d'aisteoirí óga idir 7-12 bliain d'aois. Is iad Séamus Hughes agus Sorcha De Faoite a bhéas mar áisitheoirí ar an gceardlann. Díreofar ar scileanna agus ar mhuinín an aisteora a fhorbairt, ag baint úsáid as teicnicí spraíúla.
Ceardlann Damhsa agus Ceoil le Amaia Elizaran & Liam Ó Maonlaí
Ceardlann Amaia Elizaran & Liam Ó Maonlaí
The High Seas le Dermot Mulholland
Cuireann Fíbín sa Taibhdhearc i láthair The High Seas
Caitlín Nic Gabhann, Ciarán Ó Maonaigh Cathal Ó Curráin le Dermot Mulholland