Back to All Events

Wáltsáil Abhaile


  • Taibhdhearc Theatre 19 Middle Street Galway, G, H91 RX76 Ireland (map)

Wáltsáil Abhaile

21ú Márta - 1ú Aibreán


le Antoine Ó Flatharta

Ar oíche dhorcha, stopann an seoid aosta, Mac Liammóir, do phléisiúr beag. Diúltaíonn Garda óg é agus tugann sé é abhaile slán sábháilte… ach tá stoirm ag teacht.

Is dráma osréalach é ‘Wáltsáil Abhaile’ faoi shaol Micheál Mac Liammóir; aisteoir, stiúrthóir agus léirithóir amharclainne speisialta i stair na drámaíochta. Agus é anonn in aois, téann ‘Mac’ ar aistear dochreidte, ag coradh agus ag casadh tríd am ‘is áit, fírinne ‘is fantaisíocht. Scríofa ag ceann de mhórscríbhneoirí na Gaeilge, Antoine Ó Flathartha, is ómós don amharclannaíocht é an dráma agus léirítear an grá do laoch mór na Taibhdheirce. Níl bealach níos fearr chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaol agus shaothar an chéad stiúrthóir ealaíne sa Taibhdhearc.

Beidh fortheidil úsáid sa léirúchán seo.

Stiúrthóir - Stephen Darcy

Dearthóir - Lulu Tam

Cliar

Mac - Caitríona Ní Mhurchú

Is scríbhneoir agus taibheoir í Caitríona Ní Mhurchú le neart gradam bainte amach aici óna saothar trí Ghaeilge agus Béarla. Tá neart scríofa aici do chláracha teilifíse agus leabhair do leanaí. Chuir sí scéal Chekov, 'The Party', in oiriúint don stáitse agus fuair an bhunsaothar don stáitse dá cuid, 'Eating Seals & Seagull’s Eggs' — bunaithe ar shaol agus shaothar Pheig Sayers — moladh mór ó na léirmheastóirí ag Edinburgh Fringe. Scríobh sí freisin do Fair City.

Garda - Dáithí O Donnell

Is aisteoir Tiobraid Árannach é Dáithí lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bhain sé amach an chomhchéim onóracha ‘Drámaíocht agus Léann na hAmarclannaíochta agus Ceol’ ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh. Is comhbhunaitheoir agus iarstiúrthóir ealaíne é de ‘No Kissin’ Ensemble’ i gCorcaigh.Bhí páirt Nathan aige i “Ros na Rún”. Le déanaí, rinne sé taifeadta ar “Fist Date” atá go mór i mbéal an dream gearr scannánaíochta agus ghlac sé suas a ról mar Jeremiah arís in “Copper Face Jacks: The Musical” a bhí in ‘3Olympia Theatre’, ‘UCH’ agus ‘Cork Opera House’ thar an tsamraidh.

Sex Worker/ Billy Browne - Caoimhghín Ó hEoghusa

Sular bhog sé go Conamara anuraidh, bhí an-bhaint ag Caoimhghín Ó hEoghusa leis na Dánta i gCathair Luimnigh agus é ar an stáitse mar Squealer in ‘Animal Farm’ (2016, Belltable, Luimneach). Lena chuid spéise sa scéalaíocht fhísiúil agus sa nGaeilge a tharraingt le chéile, d’oibrigh sé le bliain anuas ar léirithe ar nós ‘Ros na Rún’ agus an dráma teilifíse nua ‘Saol Ella’. Bíonn sé gníomhach ar na meáin sóisialta ag cur na Gaeilge chun cinn go taitneamhach, go sothuigthe agus go cruinn ar Instagram agus ar ThikTok.

Oscar Wilde/ Hilton Edwards - Ben Morris

Is as Baile Átha Cliath é Ben agus oileadh mar aisteoir é in ‘Mountview Academy of Theatre Arts’, Londain. Obair Amharclannaíochta: Here We Are Now (Smock Alley Theatre, Baile Átha Cliath), Waitress (West End ), Beautiful - The Carole King Musical (camchuairt sa Ríocht Aontaithe), The Phantom of The Opera (Her Majesty’s Theatre, West End), Fiddler On The Roof (Savoy Theatre, West End), FAME the Musical (RTÉ & camchuairt in Éirinn). Beidh Ben ag dul ar ais chuig an gclair de ‘The Commitments’ mar Deco ar chamchuairt sa Ríocht Aontaithe in 2023

Previous
Previous
11 March

Comhaltas Dhúiche Sheoigheach

Next
Next
6 April

CAOIN le Ceara Conway