Back to All Events

Ceardlann Mhanglaim 2.0

  • Taibhdhearc Theatre 19 Middle Street Galway, G, H91 RX76 Ireland (map)

Ceardlann Mhanglaim 2.0

le Aimée Ní Chonaing

11 Bealtaine 2024


Tá muid ar ais le Ceardlann Mhanglaim 2.0, lenár aoi speisialta, Aimée Ní Chonaing.

Bígí linn ar an 11ú Bealtaine le haghaidh oíche lán le meascadh comhábhair, píosa craic agus manglaim.Cinnte, beidh an cheardlann seo idirghníomhach agus oideachasúil le haghaidh díograiseoirí manglaim de gach leibhéal.


Gheobhaidh tú amach faoi stair an mhanglaim chomh maith le fíricí fánacha. Taispeánfaidh Aimee duit conas trí mhanglam difriúil a dhéanamh agus na teicnící difriúla atá ann chun iad a mheascadh le chéile. An píosa is fearr? Ólfaidh tú na manglam a rinne tú! Más saineolaí manglaim nó duine nua thú, tá an cheardlann seo foirfe duitse!

Nótaí na himeachta:

doirse 6.30pm

imeacht 7pm

IMEACHT 18+ de réir alcóil / AGES 18+ DUE TO ALCOHOL

Ticéid: €20 + táille áirithinte

Previous
Previous
3 May

Galway Theatre Festival

Next
Next
12 May

Ceiliúradh Cruitireachta – Happy Birthday Mary O’Hara