CLICEÁIL

Ceannaigh ticéid ar líne ag am ar bith den lá ar www.antaibhdhearc.com.

GLAOIGH ORAINN

TEILEAFÓN: 091 399 277

Máirt-Aoine, 10am-5pm.

TABHAIR CUAIRT ORAINN

Molaimid do thicéad a cheannacht roimh ré ionas nach gcaillfidh tú amach ar an seó. Is féidir ticéid a cheannach ar ár suíomh gréasáin nó is féidir glaoch ar Oifig na dTicéad ar 091 399 277 , Máirt-Aoine, 10am-5pm.

Inrochtaineacht & Cúnamh Speisialta

Agus ticéid á gcur in áirithe agat, cuir ar an eolas muid má tá aon riachtanas speisialta agat. Sa chaoi sin, beidh muid in ann gach iarracht a dhéanamh lena chinntiú go mbainfidh tú oiread suilt as do chuairt agus is féidir. Más ar líne atá ticéid á gceannach agat, ba cheart duit glaoch orainn nó ríomhphost a chur chuig eolas@fibin.com le muid a chur ar an eolas faoi do chuid riachtanas. Tá príomh-halla éisteachta An Taibhdhearc agus an bar-café go hiomlán feiliúnach do dhaoine i gcathaoireacha rothaí.

Áirithintí Scoile

Bíonn rátaí speisialta ar fáil do sheónna faoi leith i gcás áirithintí do ghrúpaí scoile; déan teagmháil le eolas@fibin.com má tá tuilleadh eolais uait.


Téarmaí seirbhísí

Fíbín Teo. / Fíbín sa Taibhdhearc

Lascainí / Rátaí Speisialta do Ghrúpaí

I gcás fhormhór ár gcuid seónna, cuireann muid lascainí ar fáil do dhaoine faoi 18 mbliana, do mhic léinn, do sheanóirí agus dóibh siúd nach bhfuil tuarastal acu. Is gá fianaise cháilitheachta agus comhartha aitheantais a thaispeáint. Bíonn 10% de lascaine ar fáil do ghrúpaí ina bhfuil 10+ nduine. Tá roinnt eisceachtaí i bhfeidhm.

Má bhíonn tú déanach

Má bhíonn tú déanach, ní scaoilfear isteach san amharclann thú ach amháin má bhíonn briseadh feiliúnach sa léiriú féin. Déan iarracht a bheith i láthair 20 nóiméad roimh an am atá luaite ar do thicéad, agus ná déan dearmad cúrsaí tráchta agus am páirceála a chur san áireamh.

Polasaí Leanaí

Is gá go mbeadh duine fásta in éineacht le páiste ar bith san amharclann. Tá cead isteach saor in aisce ag páistí faoi bhun dhá bhliain d’aois (i gcás léirithe atá feiliúnach do pháistí). Mar sin féin, i gcás seónna atá dírithe go sonrach ar pháistí faoi dhá bhliain d’aois, beidh táille isteach le híoc. Ar chúiseanna slándála agus sábháilteachta, níl cead bugaithe ná iompróirí linbh a thabhairt isteach sa halla éisteachta; tá spás faoi leith san fhorhalla dá leithéidí. 

Polasaí Cosanta Leanaí

Tá Fíbín sa Taibhdhearc tiomanta do spás sábháilte agus eispéireas dearfach a chur ar fáil do gach páiste a mbíonn muid ag idirghníomhú leis/léi. Ag teacht leis na treoirlínte atá leagtha amach in “Children First, National Guidelines for the Protection and Welfare of Children”, creideann muid go bhfuil leas na leanaí ríthábhachtach; dá bharr sin, tá Polasaí Cosanta Leanaí an-chuimsitheach curtha le chéile againn. Más mian leat cóip den pholasaí a léamh, brú an nasc seo.

Coinníollacha Díolacháin

Is oth linn a rá nach féidir ticéid a mhalartú ná aisíoc a fháil orthu go hiondúil, ach amháin má chuirtear léiriú ar ceal nó mura gcríochnaítear é – níl aon tionchar aige sin ar do chuid ceart reachtúil.

Tabhair faoi deara gur gá fóin agus glaoirí a mhúchadh; tá cosc ar cheamaraí agus ar thaifeadadh; ní ceadmhach tobac ná toitíní leictreonacha a chaitheamh; coimeádann an Bhainistíocht an ceart aici féin seilbh a ghabháil ar threalamh coiscthe ar bith a úsáidtear agus an té atá á úsáid a thógáil amach as an amharclann gan aisíoc a dhéanamh leis/léi; coimeádann an Bhainistíocht an ceart aici féin cead isteach a dhiúltú do dhaoine; is ar a bpriacal féin a thagann cuairteoirí isteach san ionad agus is iad siúd atá freagrach as a gcuid giuirléidí féin. Gabhann muid buíochas libh roimh ré as bhur gcomhoibriú agus as bhur dtacaíocht agus tá súil againn go mbainfidh sibh sult as an gcuairt.

Aiseolas

Cuirfidh muid fáilte roimh do thuairimí agus do smaointe faoi ghné ar bith dár saothar – an clár, cúrsaí cumarsáide, an tseirbhís do chustaiméirí – rud ar bith faoin spéir! Is féidir ríomhphost faoi ábhar ar bith a chur go díreach agus i ndiscréid chuig Bainisteoir na hAmharclainne ag eolas@fibin.com.

Polasaí Cosanta Sonraí

A luaithe is a chuirfidh tú ticéid in áirithe le Fíbín sa Taibhdhearc, coinneofar do chuid sonraí in ár mbunachar sonraí. Ní roinnfidh muid na sonraí sin le páirtí ar bith eile. Ó am go chéile, d’fhéadfadh go gcuirfeadh muid eolas chugat faoi chlár imeachtaí Fíbín sa Taibhdhearc. Mura mian leat an t-eolas sin a fháil, abair linn agus tú ag déanamh d’áirithinte nó cuir ríomhphost chugainn ag eolas@fibin.com

Fianáin

D’fhéadfadh go stórálfadh ár suíomh gréasáin roinnt eolais (ar a dtugtar ‘fianáin’) ar do ríomhairese. Cabhraíonn fianáin leat an úsáid is fearr a bhaint as an suíomh agus cabhraíonn siad linne seirbhís níos fearr a chur ar fáil duit. Ní féidir iad a úsáid chun tú a aithint go pearsanta. Más mian leat tuilleadh a léamh faoi fhianáin nó más mian leat nuashonrú a dhéanamh ar do shocruithe fianán, cliceáil anseo. 

Bí ar ár Liosta Seoltaí Saor in Aisce

Cuir ríomhphost chugainn (eolas@fibin.com) nó cuir d’ainm agus do sheoladh ar chárta poist agus seol é chuig:
Fíbín sa Taibhdhearc, 19 An tSráid Láir, Gaillimh. H91 E2V3

 

Seoladh: Fíbín sa Taibhdhearc, 19 Sráid Láir, Gaillimh. H91 E2V3

Fón/ Oifig na dticéid: 091-399277

Ríomhphost: eolas@fibin.com


Conas An Taibhdhearc a bhaint amach

De Shiúl na gCos

Tá muid lonnaithe ag 19 an tSráid Láir, Gaillimh, nóiméad amháin siúil ó Shráid na Céibhe agus 10 nóiméad siúil ó stáisiún traenach agus stáisiún bus na cathrach.

Ar an Rothar

Tá dhá raca rothar ar an tSráid Láir – ceann amháin gar don Séipéal Agaistíneach agus ceann eile sa lána láimh leis an séipéal. Bain úsáid as na racaí rothar, le do thoil – ná ceangail do rothar le ráillí.

Tá Stáisiúin de chuid Coca Cola Zero Bike-Share os comhair Ardeaglais na Gaillimhe.

Ar an mBus

Is san Fhaiche Mhór agus ar Shráid San Proinsias atá na stadanna bus is gaire dúinn. Bíonn busanna de chuid Bhus Éireann agus City Direct ag taisteal ar bhealaí difriúla timpeall na Gaillimhe, agus téann na busanna ar fad atá ag dul go dtí an Taobh Thiar (nó ag teacht uaidh) gar do lár na cathrach. Tá sin fíor freisin faoi fhormhór na mbusbhealaí traschathrach. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag an nasc seo.

Sa Charr

Tá dhá chlós páirceála gar dúinn: ceann ar Bhóthar na gCeannaithe (5 nóiméad siúil) agus ceann ar Shráid na Céibhe. Bí cinnte 10-15 nóiméad a fhágáil duit féin le spás páirceála a fháil, áfach.

Ticéid agus rianú teagmhálaithe

Is gá ticéid a cheannach roimh ré i gcónaí – ar líne nó ar an bhfón. Ní eiseofar cóipeanna crua de thicéid. I ndiaidh duit do thicéad a cheannach, cuirfear chugat ar an ríomhphost é. Déan cinnte go mbeidh an t-eolas sin leat ar lá an imeachta. Tabhair faoi deara nach mbeidh oifig na dticéad ar oscailt le ticéid a bhailiú uaithi. Is gá go mbeadh duine fásta os cionn 18 mbliana in éineacht le duine ar bith faoi bhun 12 bhliain i gcónaí.

Nuair a bhainfidh tú An Taibhdhearc amach

Bí i láthair in am, le do thoil; b’fhearr an amharclann a bhaint amach ar a laghad 20 nóiméad roimh thús an imeachta. Buailfidh duine dár bhfoireann leat ag an mbealach isteach le d’ainm agus do thicéad a sheiceáil – bíodh an t-eolas sin réidh agat, le do thoil. Taispeánfaidh an ball foirne sin duit cén áit le dul. Ag an mbealach isteach chuig an halla éisteachta, taispeánfaidh ball foirne eile duit cén áit a bhfuil do shuíochán. Ba cheart don lucht féachana dul caol díreach chuig a gcuid suíochán nuair a ghlaoitear orthu.

Spás san Ionad

I láthair na huaire, is é 210 duine an líon is mó is féidir a bheith i láthair ag imeachtaí san amharclann, idir thaibheoirí, chriú, fhoireann agus lucht féachana. Is féidir lucht féachana de 140 duine a bheith sa halla éisteachta. Is do chustaiméirí amháin atá na leithris.


Go raibh maith agat as bheith ag comhoibriú linn – agus tá súil againn go mbainfidh tú sult as do chuairt! Agus, arís – fáilte ar ais!