POLICIES
Polasaí an Chláir Eagraíochta Ealaíon
Language Policy: English version / Irish version. A definition for minority language can be found here.
The Board
-

Siobhán Nic Fhlannchadha
Cathaoirleach
Tá an Dr Siobhán Nic Fhlannchadha ina Bainisteoir Tionscadail ar Think Again, scéim scoláireachta do mhná i gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath. Bronnadh PhD sa tSíceolaíocht ar an Dr Nic Fhlannchadha ó Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath i 2016, le maoiniú ó COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta). Tá sí ar Bhord Stiúrthóirí An Taibhdhearc ó 2018, agus chaith sí trí bliana mar Rúnaí.
Tógadh i nGaillimh í agus chaith sí tréimhsí fada sa Taibhdhearc agus í ina déagóir. Ba bhall í do Na Crosáin, Amharclann Óige na Taibhdhearc. Bhí sí ina Reachtaire ar Cumann Drámaíochta Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath ar feadh dhá bhliain. Tá cónaí uirthi anois i gCill Mhantáin agus tá páiste amháin aici.
-

Áine Ní Éalaí
Leas Chathaoirleach
Is as Cois Fharraige í Áine. Tá cúlra aici sna hEalaíona agus Dlí an Chearta Daonna. Tá 10 mbliana caite aici ag obair san earnáil phobail agus ealaíne.
Foilsíodh filíocht léi le déanaí i gcnuasach ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus Arlen House. Tá spéis faoi leith aici i scríobh na drámaíochta Gaeilge agus duaiseanna bainte amach ag a saothar ealaíne ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh, ón Oireachtas agus ón gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta.
Tá sí mar chomhalta boird ar an Taibhdhearc ó 2020.
-

Susan Folan
Rúnaí
Is as cathair na Gaillimhe, ó dhúchas de Susan Folan atá ag obair in Ollscoil na Gaillimhe ó 2008. Tá sí ar dhuine den bheagán daoine atá cáilithe agus creidiúnaithe mar ateangaire gairmiúil le Gaeilge agus bíonn sí ag obair go rialta in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Is ball í d’Acadamh na dTeagascóirí de chuid an Choimisiún Eorpaigh agus rinne sí an chéad scrúdú creidiúnaithe d’ateangairí a dhearadh agus a reáchtáil do Thithe an Oireachtais i 2020. Roimh di dul leis an saol acadúil fostaíodh Susan mar fheidhmeannach forbartha don CONCOS: Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh, Cónaidhm de 47 Coláiste Samhraidh. Tá saineolas aici ar an tumoideachas i dteangacha mionlaigh chomh maith le hoiliúint agus measúnú na hateangaireachta.
-

Deirbhile Ní Churraighín
Is as Teileann in iardheisceart Dhún na nGall í Deirbhile Ní Churraighín.
Thosaigh sí a saol drámaíochta le Aisteoirí Theileann sular bhog sí go TG4 i 1996 áit a raibh sí ina láithreoir teilifíse ar feadh an chead sé bliana.
Ina dhiaidh sin, b’í an príomh ceannaitheoir do TG4, ag roghnú scannáin, sraitheanna drámaíochta agus cláir faisnéise don chainéil.
Anois is í an eagarthóir coimisiúnaithe i gceannas ar dhrámaíocht. Faoina cúram tá Cine4, Ros na Rún agus sraitheanna drámaíochta éagsúla.
Bhí sí ina cathaoirleach ar bhord na Taibhdheirce ó 2020 go dtí 2024
-

Anna Ní Fhlatharta
Preasoifigeach agus Oifigeach Cumarsáide
Is as an gCeathrú Rua d’Anna agus tá breis agus cúig bliana déag de thaithí aici ar an gcumarsáid agus rannpháirtíocht phobail leis an Mol Smaointe agus leis an Ionad Rochtana in Ollscoil na Gaillimhe agus le hEalaín na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, agus ar an bhforbairt pobail agus ealaíon le Pléaráca Chonamara.
Tá Dioplóma Gairmiúil san Fhorbairt agus Claoclú Eagraíochtúil aici ón IMI agus Dioplóma Gairmiúil sa Cheannaireacht Straitéiseach ó Scoil Gnó Kemmy in Ollscoil Luimnigh.
-

Aonghus Sammin
Cisteoir
Is cuntasóir cairte deimhnithe é Aonghus Sammin a bhfuil breis agus 30 bliain de thaithí ghnó aige.
Is ó Mhaigh Eo ó dhúchas é, ach tá sé ina chónaí i nGaillimh le 20 bliain anuas.
Is é úinéir/bainisteoir Bradán Accountants é, gnólacht atá lonnaithe i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Soláthraíonn an gnólacht réitigh chuntasaíochta agus chánach simplí do ghnóthaí beaga agus d’eagraíochtaí.
Tá taithí aige ar bhoird eile san earnáil dheonach, lena n-áirítear Cope Galway agus Gaisce – Gradam an Uachtaráin.
Tá spéis mhór aige sa rámhaíocht agus i gcúrsaí spóirt trí chéile.
-

Seán Mac Eoin
Iar-státseirbhíseach é Seán a chaith an chuid is mó dá shaol oibre le Roinn na Gaeltachta - áit a raibh an fhreagracht air mar Phríomhoifigeach as comhordú ar bhonn tras-rialtais ar fhorfheidhmiú An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus as ullmhú agus cur chun feidhme Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 mar chuid de.
Ina theannta sin bhí Seán freagrach as tús a chur le obair ullmhúcháin An Straitéis Náisiúnta d'Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge; as an bpróiseas pleanála teanga laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, as Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne; rialú corparáideach Údarás na Gaeltachta agus as córas na gColáistí Gaeilge. Chaith sé 20 bliain ar bhord bainistíochta Gaelscoil Mhic Amhlaigh ar bhonn deonach. Is as Inis Co. an Chláir é ó dhúchas.
-
Tuilleadh Eolais le Teacht
Emer O’Flaherty
-

Feidhlim Seoighe
Is as an Rinn Mhóir, i gcathair na Gaillimhe, é Feidhlim, ach tá sé ina chónaí i mBaile Átha Cliath le blianta beaga anuas. Rinne sé staidéar ar an Dlí in Ollscoil na Gaillimhe agus is céimí de chuid Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath é chomh maith. Tá sé cáilithe mar aturnae agus tá sé ag obair i réimse na heitlíochta i ngnólacht dlí sa phríomhchathair. Chaith sé tréimhse mar Oifigeach na Gaeilge i gComhaltas na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe agus le hAontas na Mac Léinn in Éirinn. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge, agus mar stiúrthóir ar Sheachtain na Gaeilge agus ar Oireachtas na Gaeilge tráth.