Beartas Príobháideachais & Fianáin

1. Cé muid féin

Baineann an beartas seo leis an suíomh gréasáin agus liosta ríomhphoist leis An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.

Seoladh: 19 an tSráid Láir, Gaillimh, H91 E2V3

Ríomhphost: eolas@antaibhdhearc.ie

Teil: 091 357 011

2. Céard a bhailíonn muid

Nuair a chláraíonn tú don liosta ríomhphoist, d’fhéadfaimis an méid seo a bhailiú:

  • Do sheoladh ríomhphoist

  • D’ainm

  • Do roghanna cumarsáide

Bailímid an fhaisnéis seo trí Mailchimp, ár soláthraí seirbhísí ríomhphoist.


3. Conas a úsáideann muid do chuid sonraí

Úsáideann muid do chuid sonraí chun:

  • Nuacht agus eolas faoi imeachtaí a sheoladh chugat

  • Ríomhphoist a sheoladh atá in oiriúint do do roghanna

  • Ár gcumarsáid agus rannpháirtíocht an lucht féachana a fheabhsú

Ní dhíolann ná ní ligeann muid do dhaoine eile úsáid a bhaint as do shonraí.

4. Fianáin

Úsáidimid fianáin ar ár suíomh chun tuiscint níos fearr a fháil ar conas a úsáideann cuairteoirí ár n-ábhar agus chun taithí an úsáideora a fheabhsú.

Bainimid úsáid as:

  • Fianáin riachtanacha – chun feidhmiúlacht an tsuímh a chinntiú (m.sh. rogha teanga, nascleanúint)

  • Fianáin anailíse – chun tráchta agus iompar úsáideoirí a rianú (m.sh. leathanaigh a bhfuil cuairt orthu, gléas úsáide, fad an tseisiúin)

  • Fianáin fhógrála – chun cur chun cinn agus cumarsáid sa todhchaí a oiriúnú dár lucht féachana féin bunaithe ar phatrúin brabhsála gan ainm

Ní dhíolaimid do chuid sonraí le tríú páirtithe. Úsáidtear an fhaisnéis a bhailítear chun ár seirbhísí agus ár gcumarsáid a fheabhsú.

Is féidir leat do roghanna fianán a bhainistiú nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh den chéad uair, nó tráth ar bith sna socruithe.

5. Do Chearta

Faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (GDPR), tá na cearta seo agat:

  • Rochtain a fháil ar do chuid sonraí

  • Do chuid sonraí a cheartú nó a scriosadh

  • Do thoiliú a tharraingt siar am ar bith

Is féidir leat tarraingt amach ón liostáil seo ag am ar bith tríd úsáíd a bhaint as an nasc diliostáil i ngach ríomhphoist.

Chun aon cheann de na cearta seo a fheidhmiú, déan teagmháil linn: eolas@antaibhdhearc.ie

6. Conas a stóráiltear do shonraí

Stóráiltear do chuid sonraí rphost trí Mailchimp, soláthraí seirbhíse a chomhlíonann GDPR.

Is féidir leat polasaithe Mailchimp a léamh anseo.

Ní bhíonn rochtain orthu ach ag baill foirne údaraithe.