Athrú léiriúcháin d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe

Tá ‘Grindr, Saghdar agus Cher’ le teacht in áit ‘Dáthana Geala Amháin’ mar chuid d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe.

Is mian linn a fhógairt go mbeidh athrú gan choinne ar léiriú Fíbín sa Taibhdhearc d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe. 

Ar chúiseanna nach raibh súil leo, cuirfear seó nua ar stáitse dar teideal 'Grindr, Saghdar agus Cher', scríofa agus stiúrtha ag an gcliar fíorchumasach, Ciara Ní É, Eoin McEvoy agus Sam Ó Fearraigh. Beidh toradh spleodrach spreagúil ar an athrú seo sa chlár amharclannaíochta agus tabharfaidh sé léiriú do lucht féachana Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe ar nuálaíocht, ar phaisean agus ar chruthaitheacht phobal aerach aiteach na Gaeilge. 

Gabhann muid ár leithscéal agus ba mhaith linn ár mbuíochas leanúnach a ghlacadh libhse as bhur dtacaíocht le linn an athraithe seo. Is féidir na ticéid do ‘Dathanna Geala Amháin’ a úsáid don seó ‘Grindr, Saghdar agus Cher’ mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe nó má theastaíonn, is féidir dul i dteagmháil le hoifig na dticéad chun aon aisíocaíochtaí nó malartú a dhéanamh.

Is féidir an ráiteas iomlán a léamh anseo

Previous
Previous

phōnē - Comhdháil Bautzen

Next
Next

Maelíosa Stafford, laoch ar lár