phōnē - Comhdháil Bautzen

“The sound of minority languages in Theatre”

D’fhreastail Fíbín sa Taibhdhearc ar chomhdháil de chuid phōnē i Bautzen, An Ghearmáin, ón 29ú Meitheamh - 3ú Iúil 2023

Tá an togra Eorpach, phōnē, bliain ar an bhfód agus ón 29ú Meitheamh - 3ú Iúil, tháinig rannpháirtithe an togra lena chéile sa Deutsch-Sorbisches-Volkstheater i mBautzen, An Ghearmáin chun a gcuid teangacha agus a bpobal labhartha a chur i láthair.

Ba í príomhaidhm na comhdhála ná teanga, pobal agus dea-chleachtas a roinnt lena chéile agus chun plé a dhéanamh ar cén chaoi le gréasán amharclannaíochta a fhorbairt idir na compántais go léir. Chomh maith le seo, bhí sé mar aidhm ag an cruinniú treo a chur leis na tograí éagsúla a bhéas idir lámh ag na comhlachtaí amharclannaíochta amach anseo. I measc an chomhoibrithe, beidh tréimhse cónaithe, dráma pobail agus léiriúchán proifisiúnta freisin.

Cruinniú na scríbhneoirí Lúnasa 2023

Beidh cruinniú na scríbhneoirí ag tarlú i nGaillimh ón 8ú - 15ú Lúnasa, ina mbeidh scríbhneoirí ó Friesland ag teacht le script a fhorbairt in éineacht le scríbhneoir Fíbín.

Ealaíontóir Cónaithe Samhain 2023

Beidh ealaíontóir Ghailíseach, ag teacht go hÉire ón 10ú - 18ú Samhain chun píosa oibre a fhorbairt le aisteoir ón Ghaeltacht. Beidh tréimhse á chaitheamh acu i nGaeltacht Chonamara agus beidh píosa oibre á léiriú acu sa Taibhdhearc ag deireadh an tréimshe.

Bhí 15 teanga éagsúla le cloisteáil thar an deireadh seachtaine, ina measc bhí;

Gaeilge, Fíbín - Éire

Frysk / Frisian, Treatr - Friesland, An Ísiltír

Briotáinis, Teatr Pilba - An Fhrainc

Laidin, Stadttheater Bruneck - An Iodáil

Galego/ Gailísis, Centro Dramático Galego - Galicia

Kven, Kvääniteatteri - An Iorua

Serbsce / Serbski – Sorbian, Deutsch-Sorbisches-Volkstheater - An Ghearmáin

Idish – Yiddish, Teatrul Evreiesc de Stat  - An Rómáin

Karaim, An Phólainn

Séilíse Cósta / Coast Salish - Ceanada

Haváise / Hawaiian / Honolulu Theatre for Youth - Hawai’i

Meänkieli, An tSualainn

Noongar, An Astráil

Squamish - Squamish Nation, Ceanada

Is féidir níos mó éamh faoin comhdháil ar shuíomh phōnē anseo

Previous
Previous

Glaoch Oscailte

Next
Next

Athrú léiriúcháin d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe