An Fathach Leithleasach

Ticéid
Treoir don Lucht Féachana - Béarla
Treoir don Lucht Féachana - Gaeilge

Cuireann An Taibhdhearc An Fathach Leithleasach , i láthair ón 2–19 Nollaig.

Is scéal draíochta é seo faoi Fhathach cantalach leithleasach a ruaigeann páistí óna ghairdín álainn, agus ina gcastar a shaol bun os cionn - an osclóidh an fathach cantalach a chroí agus a ghairdín a roinnt riamh arís?

Bunaíodh an scéal ar The Selfish Giant le Oscar Wilde agus beidh lucht féachana idir óg agus aosta faoi dhraíocht ag domhan lán d’ainmhithe, plandaí agus crainn draíochta, áit a mbíonn gasúir, fathach cantalach agus sióg dhiabhalta ag canadh agus ag damhsa sa ghairdín neamhshaolta sin.

Fad: 60 nóiméad

Bíonn seónna scoile ar siúl ó Mháirt go hAoine. Seol ríomhphost chuig : e.nichonchuir@antaibhdhearc.ie chun seó scoile a chur in áirithe.

Beidh seónna don phobal ar siúl tráthnóna Aoine, Satharn agus Domhnach. Beidh siad seo go hiomlán i nGaeilge, agus rochtain ar an mBéarla trí Sibrwd , an aip rochtana teanga arna forbairt ag Theatr Cymru.


Beidh léiriú suaimhneach ann freisin ar an 14 Nollaig. Is féidir lenár lucht féachana an aip a íoslódáil chuig a bhfóin chun fotheidil i mBéarla agus i nGaeilge a fháil. Tá an aip deartha chun an seó a dhéanamh éasca le leanúint, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá agat.

Is féidir ticéid don léiriú suaimhneach a chur in áirithe tríd an oifig bhosca, bíodh sé go pearsanta nó ag 091 357 011. Tabhair faoi deara, le do thoil, go mbeidh na taibheoirí agus a gcuid créatúir gairdín cairdiúla ag idirghníomhú leis an lucht féachana san amharclann le linn an tseó. Tá treoir don lucht féachana don seó ar fáil anseo i mBéarla agus anseo i nGaeilge .

Más mian leat suí in áit nach mbeadh aon rannpháirtíocht i gceist léi, cuir in iúl dúinn agus déanfaimid cinnte go ndéanfar do shuíocháin a chur in áirithe dá réir.

Más rud é go bhfuil tú ag réamh-áirithint páirceála i Hynes' Yard, is féidir leat an cód AFL10 a úsáid chun 10% de lascaine a fháil!

Cliar 

Oscar - Eoin Ó Dubhghaill 

Áine/Sioc - Inga De Búrca

Méabh/Sneachta - Molly Mew

Síóg/An Ghaoth Aduaidh - Orlaith Ní Chearra

An Fathach Leithleasach - Séamus Hughes

Foireann Chruthaitheach

Stiúrthóir / Director: Muireann Kelly

Dearthóir Stáitse / Set Designer: Saoirse O'Shea

Dearthóir Feisteas / Dearthóir Feisteas: Clíodhna Hallissey

Dearthóir Soilsiúcháin / Lighting Designer: Sarah Jane Shiels

Dearthóir Fuaimeanna agus Cumadóir / Sound Designer and Composer: Denis Clohessy 

Script Teanga Chomharthaíochta na hÉireann / Irish Sign Language Script: Senan Dunne, Nöelle Cullen, Romy O’Callaghan

Ateangaire Teanga Chomharthaíochta na hÉireann / Irish Sign Language Interpreter: Shelley Gibson

Foghlaim tuilleadh faoin bhfoireann
Foghlaim tuilleadh faoin bhfoireann chruthaitheach