Deiseanna
Deiseanna Reatha
-
Is í An Taibhdhearc Amharclann Náisiúnta na Gaeilge. Cruthaímid, cuirimid i láthair agus tacaímid leis na healaíona taibhithe, lena n-áirítear nuálaíocht agus éagsúlacht. Déanaimid é seo le healaíontóirí agus le pobal na Gaeilge ar fud na tíre agus ar fud an domhain. Tá an eagraíocht lonnaithe i bhfoirgneamh stairiúil i lár Chathair na Gaillimhe leis na háiseanna seo a leanas: amharclann le hacmhainn 145 suíochán, spás stiúideo do chruinnithe agus do chleachtaí, oifigí chomh maith le caifé/beár d’imeachtaí agus d’ócáidí.
Is tionscadal rochtana Ar Scáth a Chéile trí bliana atá á reáchtáil ag An Taibhdhearc buíochas le maoiniú ó Rethink Ireland. Díríonn an tionscadal seo ar rochtain do chách ar ealaíona na Gaeilge, agus muid ag cuimhneamh ar éagsúlacht agus ilchineálacht dár lucht féachana agus dár sochaí.
Tá An Taibhdhearc ag iarraidh a bpríomhcumas eagraíochtúil a fhorbairt i gCuimsiú Míchumais trí acmhainní a chruthú agus a roinnt ar fud na hearnála, mar shampla trí thraenáil a chur ar fáil do shaineolaithe rochtana na Gaeilge. Tá An Taibhdhearc ag iarraidh na bearnaí a laghdú idir teanga, rochtain agus na taibhealaíona, agus táimid ag cur le hinrochtaineacht an chomhlachta trí thraenáil agus infheistíocht. Tá An Taibhdhearc tiomanta d’inrochtaineacht ár léirithe a fhorbairt trí theidealú, ateangaireacht TCÉ agus tráchtaireacht fuaime a chur ar fáil.Tá An Taibhdhearc ag lorg painéil stiúrtha le ról comhairleach a chomhlíonadh le huaillmhianta ealaíne na Taibhdheirce a chur chun cinn ó thaobh rochtana agus tosaíochtaí treoracha de, agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar an togra leis an gComhordaitheoir Rochtana. Oibreoidh an painéal leis an gComhordaitheoir Rochtana le comhairle a chur orthu maidir le spriocanna an togra. Beidh taithí ag iarrthóirí le rochtain i gcomhthéacs na healaíona; is cuma cé acu taithí saoil nó taithí ghairmiúil a bheidh i gceist.
Buailfidh an painéal stiúrtha leis an gComhordaitheoir Rochtana uair in aghaidh na ráithe. Beidh tacaíocht rochtana ar fáil de réir mar is gá don phainéal. Íocfar táille oinigh leis an bpainéal as a gcuid ama.
Chun iarratas a dhéanamh ar phost ar an bpainéal stiúrtha seo, is féidir leat an Fhoirm Google seo a líonadh nó físeán (uasmhéid 4 nóiméad) a sheoladh chuig an gComhordaitheoir Rochtana, Alaoise Scherer, ag a.scherer@antaibhdhearc.ie . Cuirfear na ceisteanna seo a leanas ort:
Cad is ainm duit?
Cén contae a bhfuil tú ag cur fút?
Inis dúinn beagán fút féin.
Cén fáth a bhfuil tú ag iarraidh a bheith ar an bpainéal?
Cén nasc atá agat leis an nGaeilge?
Má tá aon cheist agat faoin bpost nó faoin tionscadal, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Alaoise Scherer ag a.scherer@antaibhdhearc.ie nó 083 413 9617.