Toby Shaer, Archie Moss & Jack Warnock
Dé Domhnaigh, 24 Eanáir 2027
20:00 (Osclófar na doirse ag 19:30)
Is tríréad úrnua iad seo, le triúr cheoltóirí seisiúin a bhfuil neart taithí acu. Rugadh an comhoibriú idir Archie Moss, Toby Shaer agus Jack Warnock as an ghrá atá acu don cheol traidisiúnta ón Ríocht Aontaithe, ó Éirinn agus ó mhór-roinn na hEorpa. Ó casadh ar a chéile iad in 2019, tá ainm bainte amach ag an triúr acu dóibh féin, ní hamháin mar cheoltóirí dinimiciúla ar an stáitse, ach mar cheoltóirí a thugann aire agus meas don traidisiún agus iad á athléirmhíniú.
Tá meas mór ar gach duine acu ina cheart féin:
Is ceoltóir a bhuaigh gradam de chuid an BBC é Archie Moss (bosca ceoil), cumadóir mór le rá agus duine de na seinnteoirí bosca ceoil is mó a mbíonn éileamh orthu sa Ríocht Aontaithe. Sheinn sé in éineacht le leithéidí Seth Lakeman, Sam Sweeney agus Eliza Carthy.
Is ilcheoltóir, cumadóir agus léiritheoir as oirdheisceart Shasana é Toby Shaer (fidil, feadóg mhór, feadóga agus cittern). Le deich mbliana anuas, is minic a bhíonn sé ag taisteal leis an cheol ar fud na hEorpa, na hAstráile agus na Síne le ceoltóirí móra le rá ar nós Cara Dillon, McCusker, McGoldrick agus Doyle, agus, in éineacht le Archie Moss, le Sam Kelly & the Lost Boys.
Is as Contae Dhoire in Éirinn do Jack Warnock (giotár, guth). Is giotáraí agus amhránaí é a bhfuil cuid mhór gradaim aigr, agus is Gaeilgeoir díograiseach é chomh maith, ag canadh amhráin i nGaeilge agus i mBéarla. Tá a chuid cumadóireachta agus a stór ceoil sáite sa scéalaíocht, agus é ag glacadh leis an oidhreacht a bhaineann le ceol traidisiúnta i ndóigh go hiomlán úr.
Tugann an triúr seo aire agus machnamh faoi leith dá gceird agus dá gcuid cóirithe ceoil, agus iad ag tarraingt tionchair as réimse leathan traidisiún. Is comhoibriú é idir triúr cheoltóirí atá ar aon intinn lena chéile, agus iad ag cur ceol traidisiúnta i láthair ar bhealach nua-aimseartha.
“Jack Warnock's voice could entice the birds from the trees” Robert McMillen, The Irish News
“Archie Churchill-Moss - Great player, great tunes” Mark Radcliffe, BBC Radio 2