
Taibhsín 2025
Cónaitheacht ealaíontóra agus sparánacht síl atá á reáchtáil ag An Taibhdhearc is ea Taibhsín.
Is iad ealaíontóirí cónaithe na Taibhsín 2025 ag An Taibhdhearc:
Ciara Ní É, writer and perform poet
Brídín Nic Dhonncha, drámadóir
Máiread Folan, drámadóir agus déantóir amharclainne
Eoin Ó Dubhghaill, aisteoir agus drámadóir
Colm Ó Foghlú, stiúrthóir agus ealaíontóir ildisciplíneach
Is iad faighteoirí sparánachtaí síolta Taibhsín 2025:
Seán Mac Dhonnagáin, scríbhneoir agus aisteoir
Amano Miura, amhránaí agus file léirithe
Louisa Ní Éideáin, scríbhneoir agus fear grinn
Seoirsen Bashford, déantóir amharclainne agus aisteoir
Cliodhna Noonan, ealaíontóir atá dírithe ar obair sna luathbhlianta
Ola Majekodunmi, scríbhneoir agus file taibhithe
Siobhán Ní Dhuinnín, rinceoir agus córagrafaí
Nóra Ní Anluain Fay, córagrafaí agus stiúrthóir
Gheobhaidh gach ealaíontóir tacaíocht shaincheaptha chun a gcleachtas cruthaitheach a chur chun cinn, lena n-áirítear meantóireacht, ceardlanna le cleachtóirí ceannródaíocha, treoir drámatúil, spás cleachtaidh, agus deiseanna chun saothar nua Gaeilge a fhorbairt agus a thaispeáint.
Ealaíontóirí Cónaithe
-
Is scríbhneoir, taibheoir agus craoltóir í Ciara Ní É. Ainmníodh í mar dhuine de 100 Mná ag Athrú Éire ina Scrúdaitheoir Gaeilge in 2022. Tréimhsí caite aici mar Ealaíontóir Cónaithe le UCD, Dublin Fringe Festival agus DCU. Bhunaigh sí an oíche filíochta REIC agus chomhbhunaigh sí AerachAiteachGaelach le hEoin McEvoy. Foilsíodh dánta léi sna hirisí is díolama amhail Bone and Marrow, Queering the Green, agus Impressions irlandaises – 23 poétesses racontent leur pays. Léiríodh a céad ghearrscannán Claonadh ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2025. Tá sí ag obair ar an dara gearrscannán le maoiniú ó TG4, agus an chéad chnuasach filíochta le Barzaz.
-
Is drámadóir ón nGaeltacht í Brídín. An tírdreach, an timpeallacht agus na hathruithe atá ag teacht ar an mbaile cósta, An Cheathrú Rua is mó a spreagann í. Is í an uaillmhian atá aici ná an traidisiún, an cultúr agus áilleacht na timpeallachta a thabhairt chun beatha ina chuid scribhneoireachta sula gcailleann muid iad.
-
Is aisteoir agus drámadóir é Eoin, ó Chonamara i gContae na Gaillimhe. Tá neart taithí ag obair trí Ghaeilge, agus suim aige obair a chruthú ina teanga dhúchais go príomha. Ina ghairm go dtí seo, tá forbairt déanta aige ar thograí i nGaeilge le comhlachtaí éagsúla, ina measc Fishamble, Branar, Brú, An Taibhdhearc agus Amharclann na Mainistreach.
-
Is drámadóir í Mairéad Ní Chualáin. Is as Indreabhán, i gContae na Gaillimhe í. Tá spéis ar leith aici i ndrámaí a bhíonn ag déileáil le ceisteanna atá crua, casta, deacair, dúshlánach, ábhair a bhaineann go sonrach le daoine atá ar imeall shochaí na linne seo. Tá Mairéad ina Chomhairleoir um Rochtain ag eagraíochtaí ealaíona ar fud na hÉireann.
-
Is cumadóir, stiúrthóir agus ildisciplíneach é Colm Ó Foghlú ó Chonamara. Bhí sé ina Stiúrthóir Ceoil ar Riverdance agus chum sé dhá opara, Eoghainín na nÉan agus Íosagán. Tá a shaothar curtha ar stáitse go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, idir cheolchoirmeacha agus léirithe amharclainne. I measc a choimisiúin tá An Uile Bhealach Abhaile (Stiuideó Cuan), Oratóir na Nollag (RTE) Inscribed le hÉavan Boland, agus an t-albam Returning / Filleadh (Lyric FM Albam na Seachtaine).
Sparánacht Síl Ealaíontóirí
-
Is scríbhneoir agus aisteoir ó Bhaile Átha Cliath é Seán Mac Dhonnagáin. I measc na ndrámaí atá scríofa aige tá An Chos Eile agus Ar Snámh, a bhí ar stáitse i 2023 agus 2024. Tá duaiseanna Oireachtais buaite ag an dá dhráma sin, agus ag a dhráma raidió Séasúr Oscailte.
Is ball é Seán de AerachAiteachGaelach agus tá sé ag súil go mór le bheith ag obair leis an Taibhdhearc ar an togra nua seo. -
Is amhránaí agus file í Amano, a rugadh sa tSeapáin agus a thógadh i gCiarraí. Tá idir ceol turgnamhach agus traidisiúnta, mar aon le filíocht na Gaeilge agus Béarla eisithe aici le cúpla bliain anuas. Tá taibhiú agus ceardlanna cuirthe i láthair aici ar fud na tíre ó Bhaile an Sceilg go Bóthar na bhFál. úsáideann sí fuaimeanna agus téagair a dá oidhreacht chun dúshláin chomhaimseartha a iniúchadh agus sean-scéalta a athbheochan.
-
Is scríbhneoir, fuirseoir agus máthair í Louisa Ní Éideáin, lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Bhuaigh a seó ‘Dopa-Mean Girl’ an gradam First Fortnight ag Fringe BÁC 2023 agus tá sí á leasú ina scannán mar chuid den chlár Perspectives de chuid Fhís Éireann. Tá suim aici i scéalta mná agus na himpleactaí sochaíoch a bhíonn ag an cóilíneachas agus fuath ban. Bíonn sé mar aidhm aici greann, ceol agus rudaí tromchúiseacha a chur ina gcuid scríbhneoireachta agus iad fite fuaite le chéile.
-
Is cruthaitheoir agus aisteoir Éireannach-Téalannach í Seoirsín, as Gaeltacht Iorrais, i gContae Mhuigheo. Tá bunchéim aici sa Ghaeilge agus i nDrámaíocht, Amharclannaíocht agus Taibhiú in OÉG, chomh maith le Máistreacht sa Nua-Ghaeilge. Díríonn sí den chuid is mó ar obair laistigh den phobal Gaeilge agus LADTA+ ó thaobh drámaíochta agus forbairt teanga de.
-
Is ealantóir na luathblianta agus bainisteoir imeachtaí í Cliodhna. Tá seacht dteanga aici agus tá sí mar bhall den líonra idirnáisiúnta Small Size. Is ealantóir cónaithe í in Ollscoil na Cathrach, Baile Átha Cliath agus in Ais Bhaile Munna don bhliain 2025/26.
-
Rugadh Ola i Lagos, An Nigéir agus tógadh í i mBaile Átha Cliath. Is craoltóir, scríbhneoir, léiritheoir cruthaitheach agus comhordaitheoir tionscadail Gaeilge í le Fighting Words. Thosaigh sí ag craoladh le Raidió na Life sa bhliain 2014. Scríobh sí ailt don Irish Times , journal.ie , RTÉ.ie , NÓS.ie agus eile, agus tá roinnt oibre déanta aici le RTÉ, TG4 agus BBC. Is file í agus tá dán/prós dá chuid foilsithe sa leabhar Cnámh & Smior chomh maith le Meascra ón Aer a chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. In 2018 bhí sí mar stiúrthóir/léiritheoir ar an ghearrscannáin Cén chuma atá ar an nGaeltacht? a fuair ardmholadh. Is comhbunaitheoir í de chuid Off the Scéal, sraith oícheanta mic oscailte ilteangach, a dhéanann ceiliúradh ar an bhfoireann de chulraí éagsúla le teangacha eile. Tá BA i gCultúr, na Meáin agus Staidéir Chultúrtha aici, mar aon le MA i dTáirgeadh Craolacháin ó Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta/ Scoil Scannáin Náisiúnta. Tá ainmniúchán bainte amach aici ar Réalta Óg na Bliana 2019 sna Gradaim Cumarsáide.
-
Is rinceoir agus coiréagrafaí í Siobhán Ní Dhuinnín. Rugadh agus tógadh í i gCathair Chorcaí. Baineann obair Siobhán go mór le ceisteanna faoi áit, teanga agus oidhreacht. Bhí Siobhán mar Rinceoir Cónaitheach, Ionad Cultúrtha an Dochtúir Ó Loingsigh, Baile Mhúirne i nGaeltacht Mhúscraí (2018-2020) áit ina raibh sí in ann na ceisteanna seo a fhiosrú go dlúth.
-
Is cóiréagrafaí agus súiltheoir NAF Damhsa í Nóra Ní Anluain Fay. Nascann a hoibre damhsa, drámaíocht, ceol, téacs agus scannánaíocht chun pléascanna amharclainne a chruthú sáithithe le greann, amharclann fisiciúil agus slapstick.
Roghnaíodh a céad phíosa, ‘Let Them Eat Cake,’ chun ceiliúradh a dhéanamh ar an Ísiltír sa féile SzoloDuo 2022 i mBúdaipeist. Chinntigh sé seo teange NAF Damhsa agus tá a hobair ar fad tar éis a bheith déanta ar fud na hEoraipe ó shin.