Dátaí: 1-19 Nollaig
★★★★ ‘Great fun, heart-warming and beautifully staged, perfect Christmas fare for everyone! - The Review Hub*
‘Magical Taibhdhearc production…D’fhágamar An Taibhdhearc le gliondar ar ár gcroíthe’ - Galway City Tribune*
‘Seó álainn an cur síos is cruinne agus é curtha i láthair go cumasach, ealaíonta. Leigheas ar dheifir agus fuadar shéasúr na Nollag é cinnte.’ -Tuairisc*
*Léirmheasanna ar An Fathach Leithleach - Nollaig 2025
An Prionsa Sona
Cóiriú ar an ngearrscéal mór le rá ‘The Happy Prince’ le Oscar Wilde.
Scéal thar a bheith tochtmhar agus draíochtúil faoi fháinleog agus faoi phrionsa atá réidh le gach rud a fhágáil ina ndiaidh chun cruatan an tsaoil a laghdú do dhaoine eile. De réir mar a thiteann an fómhar agus a athraíonn an aimsir go gasta, an mbeidh go leor ama ag an bhfáinleog bheag éalú as an bhfuacht agus eitilt chun na hÉigipte? Cad a tharlóidh nuair a bhuailfidh an fháinleog le dealbh óir an Phrionsa Shona?
I ndomhan ina bhfuil áilleacht ar leith le fáil i ngníomhartha cineálta, is scéal é ‘An Prionsa Sona’ a spreagann muid uilig le bheith níos neamhleithlí agus níos láiche.
Tá an casadh úrnua seo ar scéal cáiliúil Oscar Wilde suite in Éirinn, i mbaile beag atá iontach cosúil le Gaillimh! Titfidh lucht féachana idir óg agus aosta i ngrá leis an bhfáinleog agus leis an bPrionsa Sona. Tá an seó iomlán draíochtúil agus lán le ceol, amhránaíocht, damhsa agus ar ndóigh an Méara agus Banmhéara atá an-amaideach ar fad. Tá an fhoireann óg d’aisteoirí thar barr freisin – seo seó teaghlaigh a bheadh foirfe um Nollaig!
Is féidir leis an lucht féachana an aip Sibwrd a íoslódáil ar a ngutháin le teacht ar fhotheidealú iata i nGaeilge agus i mBéarla. Tá an aip deartha leis an seó a dhéanamh sothuigthe, cibé leibhéal Gaeilge atá agat. Beidh seó suaimhneach ar an 13 Nollaig ag 3pm.
Ticéid teaghlaigh, leanaí agus scoile ar fáil.
SEÓNNA SCOILE : Foirm fiosrúcháin ar fáil anseo .
Léirithe Scoile: Dé Máirt - Dé hAoine
Léirithe Poiblí: Dé hAoine - Dé Domhnaigh
Taibhiú Suaimhneach: 13 Nollaig