Beartas Príobháideachais & Fianáin
1. Cé muid féin
Baineann an beartas seo leis an suíomh gréasáin agus liosta ríomhphoist leis An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge.
Seoladh: 19 an tSráid Láir, Gaillimh, H91 E2V3
Ríomhphost: eolas@antaibhdhearc.ie
Teil: 091 357 011
2. Céard a bhailíonn muid
Nuair a chláraíonn tú don liosta ríomhphoist, d’fhéadfaimis an méid seo a bhailiú:
Do sheoladh ríomhphoist
D’ainm
Do roghanna cumarsáide
Bailímid an fhaisnéis seo trí Mailchimp, ár soláthraí seirbhísí ríomhphoist.
3. Conas a úsáideann muid do chuid sonraí
Úsáideann muid do chuid sonraí chun:
Nuacht agus eolas faoi imeachtaí a sheoladh chugat
Ríomhphoist a sheoladh atá in oiriúint do do roghanna
Ár gcumarsáid agus rannpháirtíocht an lucht féachana a fheabhsú
Ní dhíolann ná ní ligeann muid do dhaoine eile úsáid a bhaint as do shonraí.
4. Fianáin
Úsáidimid fianáin ar ár suíomh chun tuiscint níos fearr a fháil ar conas a úsáideann cuairteoirí ár n-ábhar agus chun taithí an úsáideora a fheabhsú.
Bainimid úsáid as:
Fianáin riachtanacha – chun feidhmiúlacht an tsuímh a chinntiú (m.sh. rogha teanga, nascleanúint)
Fianáin anailíse – chun tráchta agus iompar úsáideoirí a rianú (m.sh. leathanaigh a bhfuil cuairt orthu, gléas úsáide, fad an tseisiúin)
Fianáin fhógrála – chun cur chun cinn agus cumarsáid sa todhchaí a oiriúnú dár lucht féachana féin bunaithe ar phatrúin brabhsála gan ainm
Ní dhíolaimid do chuid sonraí le tríú páirtithe. Úsáidtear an fhaisnéis a bhailítear chun ár seirbhísí agus ár gcumarsáid a fheabhsú.
Is féidir leat do roghanna fianán a bhainistiú nuair a thugann tú cuairt ar an suíomh den chéad uair, nó tráth ar bith sna socruithe.
5. Do Chearta
Faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (GDPR), tá na cearta seo agat:
Rochtain a fháil ar do chuid sonraí
Do chuid sonraí a cheartú nó a scriosadh
Do thoiliú a tharraingt siar am ar bith
Is féidir leat tarraingt amach ón liostáil seo ag am ar bith tríd úsáíd a bhaint as an nasc diliostáil i ngach ríomhphoist.
Chun aon cheann de na cearta seo a fheidhmiú, déan teagmháil linn: eolas@antaibhdhearc.ie
6. Conas a stóráiltear do shonraí
Stóráiltear do chuid sonraí rphost trí Mailchimp, soláthraí seirbhíse a chomhlíonann GDPR.
Is féidir leat polasaithe Mailchimp a léamh anseo.
Ní bhíonn rochtain orthu ach ag baill foirne údaraithe.