I mí Dheireadh Fómhair na bliana seo, beidh An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, ag dul ar camchuairt ar mheánscoileanna i Maigh Eo le Lá Buí Bealtaine le Máiréad Ní Ghráda. Tá an dráma ar shiollabas Teastais Shóisearaigh Gaeilge T1. 

Tá an seó deartha don seomra ranga. Tarlóidh an seó i rith an lae mar áis agus mar thacaíocht do mhúinteoirí Gaeilge agus do na daltaí atá ag déanamh staidéar ar an téacs. An phríomhaidhm atá leis an togra seo ná draíocht na hamharclainne a roinnt leis na daltaí ina rang féin le rannpháirtíocht uathu féin, le cliar agus le stiúrthóir proifisiúnta. Is é Séamus Hughes a bheidh mar stiúrthóir agus beidh Áine Kilgallon (Celtic Exodus) agus Caoimhghín Ó hEodhasa (Ros na Rún) sa chliar.

Lá Buí Bealtaine

Camchuairt Scoile

✳︎

Maigh Eo

✳︎

Camchuairt Scoile ✳︎ Maigh Eo ✳︎

Lá Buí Bealtaine

Is dráma cáiliúil aonghnímh é Lá Buí Bealtaine a scríobh Máiréad Ní Ghráda in 1953. Lá breá Bealtaine atá ann. Tá seanfhear agus seanbhean ina suí sa ghairdín i dteach altranais. Tosaíonn an bhean ag cuimhneamh ar an Lá Buí Bealtaine nuair a bhí sí óg agus ar na heachtraí cinniúnacha a tharla ar an lá sin.  

An Cliar

Áine Kilgallon & Caoimhghín Ó hEodhasa

Stiúrthóir

Séamus Hughes

Bainisteoir Stáitse

Julieanne Ní Mhullaoidh

Beidh an chamchuairt ar mheánscoileanna le Lá Buí Bealtaine ar siúl ón 12 go dtí an 23 Deireadh Fómhair. Ní bheidh aon táille ná táille áirithinte ann. Is féidir le scoileanna ar spéis leo páirt a ghlacadh an fhoirm seo a líonadh isteach agus beidh duine ónár bhfoireann i dteagmháil leat.

Téigh i dTeagmháil Linn