An Taibhdhearc & Moonfish Theatre

Ceardlann Oscailte do Chleachtóirí Amharclannaíochta na Gaeilge 

Tá áthas ar An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, a bheith ag obair leis an gcomhlacht amharclainne Moonfish Theatre mar a chomhlacht cónaitheach. Mar chuid den chónaitheacht seo, cuirfidh Moonfish Theatre ceardlann oscailte ar fáil do chleachtóirí amharclainne atá ag obair faoi láthair, nó a bhfuil spéis acu oibriú, trí mheán na Gaeilge.  

Beidh an cheardlann ar siúl an 14 Samhain 2026 i gCathair na Gaillimhe. Tabharfar an deis do rannpháirtithe triail a bhaint as cleachtas ceaptha comhoibríoch Moonfish. Déanfar iniúchadh ar an mbealach is féidir le teanga, scéalaíocht, gluaiseacht, ceol agus foirmeacha amharclainne eile teacht le chéile chun saothar nua a chruthú. Spreagfar rannpháirtithe chun comhoibriú lena chéile agus machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh an dátheangachas a bheith ina ghné ghníomhach agus cruthaitheach den phróiseas amharclainne, seachas mar phróiseas aistriúcháin amháin. 

Tá an-suim ag An Taibhdhearc agus ag Moonfish an cheardlann seo a oscailt do dhaoine ó chúlraí éagsúla a bhfuil spéis acu sa teanga. Tá an cheardlann dírithe ar chleachtóirí amharclainne a oibríonn trí mheán na Gaeilge, chomh maith le healaíontóirí agus cruthaitheoirí a bhfuil suim acu a gcuid cleachtais a fhorbairt tríd an teanga. Teastaíonn leibhéal bunúsach Gaeilge chun páirt a ghlacadh sa cheardlann.

Faigh tuilleadh eolais faoin gceardlann anseo .

Sonraí na ceardlainne 

  • Cad: An Taibhdhearc agus Moonfish Theatre - Ceardlann Oscailte 

  • Cé: Cleachtóirí amharclainne atá ag obair, nó ar spéis leo oibriú, trí mheán na Gaeilge 

  • Dáta: 14 Samhain 2026 

  • Ionad: Gaillimh

  • Costas: Ceardlann íoctha í seo. Gheobhaidh gach rannpháirtí táille €150 don lá. Tá líon teoranta áiteanna ann.

  • Dáta deiridh clárúcháin: 26 Deireadh Fómhair 2026 

  • Le haghaidh aon cheist, déan teagmháil le Gill ag moonfishtheatre@gmail.com