Fógraíonn An Taibhdhearc agus Moonfish Theatre Ceardlann Oscailte do Chleachtóirí Amharclainne Gaeilge
Tá áthas ar An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge , a bheith ag obair le Moonfish Theatre, atá lonnaithe i nGaillimh, mar chomhlacht cónaithe. Mar chuid den chónaitheacht seo, cuirfidh Moonfish Theatre ceardlann oscailte ar fáil do chleachtóirí amharclainne atá ag obair trí mheán na Gaeilge faoi láthair, nó ar spéis leo oibriú trí mheán na Gaeilge.
Beidh an cheardlann ar siúl an 14 Samhain 2026 i gCathair na Gaillimhe. Tabharfar an deis do rannpháirtithe triail a bhaint as cleachtas ceaptha comhoibríoch Moonfish. Déanfar iniúchadh ar an mbealach is féidir le teanga, scéalaíocht, gluaiseacht, ceol agus foirmeacha amharclainne eile teacht le chéile chun saothar nua a chruthú. Spreagfar rannpháirtithe chun comhoibriú lena chéile agus machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh an dátheangachas a bheith ina ghné ghníomhach agus cruthaitheach den phróiseas amharclainne, seachas mar phróiseas aistriúcháin amháin.
Tá An Taibhdhearc, atá lonnaithe i gcroílár chathair na Gaillimhe, ina hamharclann náisiúnta na Gaeilge in Éirinn. Bunaíodh í sa bhliain 1928, agus cruthaíonn, cuireann sí i láthair agus tacaíonn sí leis na healaíona taibhithe trí mheán na Gaeilge, ag obair le healaíontóirí, lucht féachana agus pobal na Gaeilge i gcoitinne in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Tá fócas láidir ag an amharclann freisin ar thacú le forbairt ealaíontóirí agus lucht déanta amharclainne a oibríonn trí mheán na Gaeilge.
Bunaithe sa bhliain 2006 ag Ionia agus Máiréad Ní Chróinín, is ensemble comhoibríoch é Amharclann Moonfish a chruthaíonn amharclannaíocht i nGaeilge agus i mBéarla araon. Comhcheanglaíonn obair an chompántais teanga, scéalaíocht, ceol agus gluaiseacht le foirmeacha amharclainne lena n-áirítear puipéadóireacht agus teicneolaíocht idirghníomhach. Tá Moonfish tiomanta do theorainneacha na hamharclannaíochta a shíneadh, lena n-áirítear iniúchadh a dhéanamh ar chur chuige nua i leith teanga agus aistriúcháin, rannpháirtíocht lucht féachana agus léirithe idirdhisciplíneach.
Mar chuid de chónaitheacht Amharclann Moonfish leis an Taibhdhearc, tá an dá eagraíocht ag obair le chéile chun cineálacha nua cur chuige a chothú i leith déanamh amharclannaíochta trí Gaeilge agus deiseanna a chruthú d’ealaíontóirí a gcleachtas a fhorbairt. Mar chuid den chomhoibriú sin, tabharfaidh siad cleachtóirí le chéile chun turgnaimh a dhéanamh, smaointe a roinnt agus féidearthachtaí cruthaitheacha déanamh amharclannaíochta trí Gaeilge a iniúchadh.
Dúirt Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne agus Comh-Phríomhfheidhmeannach an Taibhdhearc:
“Mar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, ba mhaith linn ealaíontóirí a fhorbairt agus deiseanna a chur ar fáil do dhaoine a bheith in ann oibriú trí mheán na Gaeilge sna healaíona. Agus muid ag obair le Moonfish Theatre, ár gcomhlacht cónaithe, tá súil againn timpeallacht chruthaitheach a chothú inar féidir le healaíontóirí turgnaimh a dhéanamh, comhoibriú agus iniúchadh a dhéanamh ar chur chuige nua maidir le déanamh amharclannaíochta trí mheán na Gaeilge.”
Dúirt Ionia Ní Chróinín, Comhstiúrthóir Moonfish Theatre:
“Tá ríméad orainn gurb í Amharclann Moonfish an chuideachta chónaithe sa Taibhdhearc i mbliana agus is deis spreagúil í an cheardlann seo dúinn féin agus don Taibhdhearc bualadh le cleachtóirí amharclainne a bhfuil dúil acu i saothar a chruthú trí mheán na Gaeilge agus oibriú leo.”
Tá fonn ar leith ar An Taibhdhearc agus Moonfish an cheardlann seo a oscailt do dhaoine ó chúlraí éagsúla a bhfuil suim acu sa teanga.
Dúirt Ionia Ní Chróinín ó Moonfish : “Cruthaíonn an amharclann spás inar féidir le daoine ó chúlraí agus ó chultúir éagsúla teacht le chéile chun ár ndifríochtaí agus ár dtaithí chomhroinnte a cheiliúradh agus a iniúchadh. Tugann nascadh trí mheán na Gaeilge deis eile chun caidrimh a thógáil trí ghrá agus paisean comhroinnte don teanga.”
Tá an cheardlann íoctha dírithe ar chleachtóirí amharclainne atá ag obair trí mheán na Gaeilge, chomh maith le healaíontóirí agus déantóirí ar spéis leo a gcleachtas a fhorbairt tríd an teanga. Tá leibhéal bunúsach Gaeilge riachtanach le bheith páirteach. Is féidir leo siúd ar mian leo iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh é sin a dhéanamh anseo .
Sonraí na ceardlainne
● Cad é: An Taibhdhearc agus Moonfish Theatre – Ceardlann Oscailte
● Cé dó: Cleachtóirí amharclainne atá ag obair, nó a bhfuil suim acu a bheith ag obair, trí mheán na Gaeilge
● Dáta: 14 Samhain 2026
●Ionad: Cathair na Gaillimhe
● Costas: Íoctar an cheardlann seo. Gheobhaidh gach rannpháirtí táille €150 don lá.
● Tá líon teoranta áiteanna ann. Cuir isteach anseo chun páirt a ghlacadh sa cheardlann.
● Dáta deiridh clárúcháin: 26 Deireadh Fómhair 2026
● Le haghaidh aon cheist, déan teagmháil le Gill ag moonfishtheatre@gmail.com