An Taibhdhearc le camchuairt meánscoileanna Mhaigh Eo le Lá Buí Bealtaine

I mí Dheireadh Fómhair na bliana seo, beidh An Taibhdhearc, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, ag dul ar camchuairt ar mheánscoileanna i Maigh Eo le Lá Buí Bealtaine le Máiréad Ní Ghráda. Tá an dráma ar shiollabas Teastais Shóisearaigh Gaeilge T1. 

Tá an seó deartha don seomra ranga. Tarlóidh an seó i rith an lae mar áis agus mar thacaíocht do mhúinteoirí Gaeilge agus do na daltaí atá ag déanamh staidéar ar an téacs. An phríomhaidhm atá leis an togra seo ná draíocht na hamharclainne a roinnt leis na daltaí ina rang féin le rannpháirtíocht uathu féin, le cliar agus le stiúrthóir proifisiúnta. Is é Séamus Hughes a bheidh mar stiúrthóir agus beidh Áine Kilgallon (Celtic Exodus) agus Caoimhghín Ó hEodhasa (Ros na Rún) sa chliar.

Is dráma cáiliúil aonghnímh é Lá Buí Bealtaine a scríobh Máiréad Ní Ghráda in 1953. Lá breá Bealtaine atá ann. Tá seanfhear agus seanbhean ina suí sa ghairdín i dteach altranais. Tosaíonn an bhean ag cuimhneamh ar an Lá Buí Bealtaine nuair a bhí sí óg agus ar na heachtraí cinniúnacha a tharla ar an lá sin.  

Is léiriú é Lá Buí Bealtaine ar thiomantas na Taibhdheirce do rannpháirtíocht an phobail agus d'obair fhor-rochtana. Is é seo an dara léiriú dá gcuid i Maigh Eo i mbliana. I mí Lúnasa, chuir An Taibhdhearc, agus The Performance Corporation, mórléiriú nua suíomhoiriúnaithe Tír an Traonaigh i láthair i mBéal an Mhuirthead. Thug an léiriú seo an lucht féachana ar thuras bus timpeall an Mhuirthead agus tugadh le chéile taibhiú beo, ceol, teilgean agus an tírdhreach féin chun eispéireas amharclainne nach ndéanfaí dearmad choíche air a chruthú i nGaeltacht Mhaigh Eo.

Dúirt Muireann Kelly, Stiúrthóir Ealaíne agus Comh-Phríomhfheidhmeannach an Taibhdhearc:

“Mar Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, táimid tiomanta do shaothar nua a fhorbairt agus a léiriú i bpobal Gaeltachta difriúil gach bliain. Mar chuid den aidhm sin is cuid ríthábhachtach de chlár na bliana é ár gcuid oibre for-rochtana agus rannpháirtíochta leis an bpobal. I mbliana, táimid ag díriú ar an nGaeltacht i Maigh Eo.”

Beidh an chamchuairt ar mheánscoileanna le Lá Buí Bealtaine ar siúl ón 12 go dtí an 23 Deireadh Fómhair. Is féidir le scoileanna ar mian leo páirt a ghlacadh iarratas a dhéanamh
 anseo. Ní bheidh aon táille ná táille áirithinte ann.

Ar Aghaidh
Ar Aghaidh

Tuairimí á Lorg ar Straitéis Nua na Taibhdheirce, Amharclann Náisiúnta na Gaeilge