Beckett sa Chreig: Guth na mBan

(2025)

Cuireann An Taibhdhearc le Company SJ i láthair:

BECKETT SA CHREIG: GUTH NA MBAN

Coiscéimeanna · Ní Mise · Luascaire · agus léamh de Shiosarnach 4

Ceithre shaothar ghearra le Samuel Beckett, an dara cuid i sraith le Company SJ.

Eispéireas físiúil thar a bheith mealltach, a insítear trí ghlórtha na mban in Coiscéimeanna · Ní Mise · Luascaire · agus léamh de Shiosarnach 4 de chuid Beckett - suite i dtírdhreach fiáin fisiceach chósta thiar na hÉireann agus in ailtireacht choilíneach, bhriste, chráite Bhaile Átha Cliath.

Fíonn Company SJ téacs, an corp, píosaí uathúla scannánaíochta agus ceol beo le chéile chun caidrimh agus tráma a iniúchadh, a raibh tionchar ag an stair orthu agus a léirítear tríd an teaghlach.

Cuireann an léiriúchán tumtha Gaeilge seo, a spreagtar ag teanga agus tírdhreach Inis Oírr, deis annamh ar fáil chun na saothair seo a fheiceáil ar shlí nach bhfacthas riamh.

Cuirtear rochtain fuaime Béarla ar fáil do dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu.

Tacaithe ag An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Réamhbhlaiseadh de Beckett sa Chreig: Guth na mBan

Dátaí

Mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta na Gaillimhe:

14 - 19 Iúil ag An Taibhdhearc, Gaillimh

11 agus 12 Iúil - Réamhléirithe

Mar chuid d’Fheile Amharclannaíochta Baile Átha Cliath:

1 - 5 Deireadh Fómhair, Cube, Project Arts Centre

1 Deireadh Fómhair - Réamhléiriú

5 Deireadh Fómhair, 7:45i.n. - Déanfaidh Shelley Gibson ateangaireacht go TCÉ

Léirmheasanna

★★★★ 'Fís spreagúil agus corraitheach… íomhánna buailte cruthaithe agus braistintí doimhne spreagtha… tarraingteach ó thaobh amhairc de' - The Irish Times

‘Mairfidh Beckett sa Chreig i gcuimhne go ceann i bhfad… Espéireas físiúil láidir sa Taibhdhearc le cumasc seoigh téacsanna agus íomhánna a rachaidh i bhfeidhm ort’ - Tuairisc

★★★★ ‘Thug Scaife guth álainn barántúil anseo do dhrámaí Beckett...íogair agus atmaisféarach....iontach inrochtana agus álainn le breathnú orthu....Tá an stáitseáil ilchéadfach seo de Beckett agus Boland tarraingteach ar go leor leibhéil’ - An Mol Léirmheasanna

Tuairimí ón lucht féachana i nGaillimh:

Tuairimí ón lucht féachana i mBaile Átha Cliath:

Foireann & An Chliar

Le Samuel Beckett

Aistrithe ag Micheál Ó Conghaile

Mise Éire le Eavan Boland

Cliar

Caitríona Ní Mhurchú

Fiona Lucia McGarry

Nuala Hayes

Foireann Chruthaitheach

Stiúrthóir: Sarah Jane Scaife

Dearthóir Stáitse: Alyson Cummins

Dearthóir Feisteas: Sinéad Cuthbert

Dearthóir Soilsiúchái: Stephen Dodd

Dearthóir Scannanaíochta: Kilian Waters

Dearthóirí Ceoil agus Fuaime: Matthew Martin agus Fiona Lucia McGarry

Cumadóireacht Ceoil: Matthew Martin

Taifead Fuaime: Ciarán Byrne

Cathaoireacha deartha ag John Comiskey

Foireann Léirithe

Léiritheoir: Niamh Ní Chonchubhair

Léiritheoir Cúnta: Kate McBrearty

Bainisteoir Léiriúcháin: Olivia Drennan

Bainisteoir Stáitse: Sorcha deFaoite

Bainisteoir Cúnta Stáitse: Fionnán Morley

Léiritheoir Forbartha: Tim Scott

Déantóir Feistis: Cheryl Reichardt

Príomhleictreoir agus Ath-shoilstheoir: Hannah Bevan

Cláraitheoir QLab: Aoife Kavanagh

Dearthóir Grafaicí: Niall Walker

Margaíocht: Lorg Media

Caidreamh Poiblí: The Hive Agency

Grianghrafadóir Léirithe: Kilian Waters

Íomhá don Phóstaer: Arcade Film

Foireann na Taibhdhearca

Stiúrthóir Ealaíne agus Comh-POF: Muireann Kelly

Stiúrthóir Feidhmiúcháin Gníomhach agus Comh-Phríomhfheidhmeannach : Caomhán O'Connell 

Ceann Léiriúcháin: Niamh Ní Chonchubhair

Léiritheoir Cúnta: Kate McBrearty

Oifigeach Margaíochta: Eimear Nig Oireachtaigh

Bainisteoir Tosaigh an Tí: Sarah Gibbons

Bainisteoir Teicniúil: Ronan Gallagher

Comhlach Liteartha: Pamela McQueen

Tacaithe ag: