Maelíosa Stafford, laoch ar lár

Is oth le Bord agus foireann na Taibhdheirce a chloisteáil gur bhásaigh Maelíosa Stafford, aisteoir agus léiritheoir.


“Méala mór a bhás dá theaghlach agus do mhuintir na hamharclainne anseo i nGaillimh, cathair dhúchais, in Éirinn, san Astráil.

Bhain sé cáil amach mar aisteoir le Druid i ndrámaí ar nós ‘The Playboy of the Western World’, ‘Conversations on a Homecoming’ agus ‘A Whistle in the Dark’ le Tom Murphy

Léirigh sé ‘Amhrán an Bhonnáin Bhuí’ le Vincent Woods sa Taibhdhearc mí Feabhra 2020.

Comhbhrón lena bhean agus a chlann, lena deartháireacha agus lena dheirfiúracha: Ruairí, Fionnuala, Órfhlaith, Conall a ghaolta agus a chairde go léir, agus lena nia Ruadhán, a bhíonn ag obair ar fhoireann na Taibhdheirce.

Cuimhnimid ar athair Mhaeliosa, Seán Stafford (1924 - 2020) agus a mháthair, Máire Stafford (1923-2014).” - Aodh Ó Coileáin, iar-Chathaoirleach Bhord na Taibhdheirce

Maelíosa Stafford, stiúrthóir An Taibhdhearc @ 90, 2018 Pictiúr le Seán Ó Mainnín

Maelíosa Stafford, atá imithe ar shlí na fírinne lena athair, Seán Stafford, imithe ar shlí na fírinne, agus a chlann. Ó chlé: Conall Stafford, Chloe agus Frank Salmon, Seán Stafford, Fionnuala Salmon, Maelíosa Stafford agus Poppy Salmon

Pictiúr: Seán Ó Mainnín


Pól Cotter

Is é Pól Bunaitheoir & POF Bad Dog, Gníomhaireacht Margaíochta Digiteach Éireannach. Tá breis is 30 bliain de thaithí aige i go leor gnéithe den domhan dearaidh. Tá tuairimí aige freisin, ó ghairm bheatha chomh fada sin - agus tá sé níos mó ná sásta iad a roinnt. Le fonn dosháraithe ar aon rud teicneolaíochta agus réamhghníomhach, gabh mo leithscéal as an ngearrscéal, ach tá sé cosúil le madra le cnámh!

https://baddog.ie
Ar Aghaidh
Ar Aghaidh

Éileamh ar Mhaoiniú Inbhuanaithe