Back to All Events

Cogadh Na Saoirse

Cogadh Na Saoirse

 

Mí Lúnasa 2021

Is iontach an taispeántas amharclannaíochta é Cogadh na Saoirse, léiriú spleodrach amuigh faoin aer a chuirfidh faoi gheasa tú. Tabharfar ar ais céad bliain tú don tréimhse achrannach seo i stair na hÉireann ar bhealach a rachaidh go croí ionat.Feicfear Michael, carachtar de chuid Cathleen Ní Houlihan, ag troid ar son shaoirse na hÉireann. Téigh ar aistear leis agus cuirfear colúin reatha, na Dúchrónaigh, an teach mór agus an teach tuaithe os do chomhair; ó chrá croí na coimhlinte go hidirbheartaíocht conartha i Londain. Léiriú spleodrach, amuigh faoin aer is ea Cogadh na Saoirse leis an gcompántas iomráiteach Fíbín. Tabharfar blaiseadh réadúil duit ar Chogadh na Saoirse. Beidh cuid den aicsean agat agus tú ag fáil léargas úr ar an tionchar a bhí ag an gcogadh orainn mar thír.

Chruthaigh an scríbhneoir/ stiúrthóir Philip Doherty léiriú amharclannaíochta tarraingteach iontach eile amuigh faoin aer. Tá idir ghreann, bhrón, agus chrá croí le brath ann agus stíl fhísiúil, ildánach Fíbín le brath go láidir ann freisin. Agus tírdhreach Chonamara mar chúlra taibhseach ann mar aon le cliar chomhriartha mhór, cuirfidh Cogadh na Saoirse i saol samhalta Mhichael tú. Tabharfar deis duit leanúint air agus é i mbun idirbheartaíochta i stair na tíre. Bí ag súil le greann ilsiamsa, méaldráma, balbhscannán, nuachtscannáin, puipéadóireacht, drumadóireacht, ceol & damhsa traidisiúnta, ceoldráma agus go leor eile. Léiriú nár cheart a chailleadh is ea Cogadh na Saoirse. Ba é Cogadh na Saoirse an léiriú ba mhó amuigh faoin aer a rinneadh riamh in Éirinn, agus dhíol sé amach i mí Lúnasa 2021. Ba mhaith le Fíbín aitheantas a thabhairt do thacaíocht leanúnach Ealaín na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon agus Cogadh na Saoirse á stáitsiú.

Previous
Previous
6 December

An Conradh

Next
Next
9 December

Jeaicí agus an Fathach Mór Dána