Back to All Events

Emain Ablach

  • Taibhdhearc Theatre 19 Middle Street Galway, G, H91 RX76 Ireland (map)

Emain Ablach

Saothar nua ceoil agus filíochta

le Neil Ó Lochlainn agus Aifric Mac Aodha

17 Samhain 8pm

Is ceoltóir agus cumadóir aitheanta é Neil Ó Lochlainn as Contae an Chláir. Samhlaíonn an togra is déanaí leis, 'Emain Ablach', scéal miotaseolaíoch trí saothar nua ceoil, le filíocht scríofa ag Aifric Mac Aodha agus aithriste ag Billy MagFhloinn.

Tá an ceol scríofa i dtrí pháirt, a leanann scéal an laochra chuig an domhain eile. Léiríonn sé na heachtraí a tharlaíonn ann agus an turas ar ais i dtreo slánú.

Tá ensemble de cheoltóirí traidisiúnta, snagcheoil agus comhaimseartha curtha le chéile ag Neil don togra speisialta seo.

Filíocht scríofa ag Aifric Nic Aodha & athriste ag Billy Mag Fhloinn


Neil has an instinct and feel for different strands of music that allows him to create uncompromised musical worlds that speak with real depth and authenticity.
— Martin Hayes

Le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon


Nótaí na hImeachta

Doirse 7.30pm

Seó 8pm

Ticéid €15/ €20 +táille áirithinte


Cas leis an Ensemble

 
Previous
Previous
4 November

The Black Gate: Ultan Conlon

Next
Next
7 December

Fionn agus Clochán an Aifir