Back to All Events

Grindr, Saghdar agus Cher


  • Taibhdhearc Theatre 19 Middle Street Galway, G, H91 RX76 Ireland (map)

Grindr, Saghdar agus Cher

17 & 18 Iúil - Conamara 25-29 Iúil - An Taibhdhearc

Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe 2023

Triúr óg LADTA+.

Trí scéal drámatúil, fite fuaite ina chéile.

Trí dhearcadh éagsúla ar oíche chinniúnach amháin.

 

Tógann fear tuaithe a chéad chéim isteach i mbeár aitigh na Cathrach. Freastalaíonn leispiach ar imeacht "Build a Willy" ag cóisir na gcearc. Tugann fear bearradh gruaige dó féin nach bhfeicfidh ach fear amháin eile.

Is aistear fuinniúil, tábhachtach agus spreagúil é Grindr, Saghdar agus Cher a fhiosraíonn na féidearthachtaí, deacrachtaí agus contúirtí a bhaineann le bheith óg agus LADTA+ in Éirinn sa lá atá inniu ann. Ceistíonn an seó ilmheánach seo cé chomh tuisceanach agus atáimid i sochaí na linne seo.

 

Léiriúchán Gaeilge le fotheidil Béarla ar fáil sa Taibhdhearc.

FANTASTIC... AN ABSOLUTE TREAT
— The Reviews Hub

Cliar & Criú

Ciara Ní É Bainisteoir Léiriúcháin - Frank Commins

Eoin McEvoy Bainisteoir Stáitse - Mags O’Donoghue

Sam Ó Fearraigh ASM & Fotheidil - Julieanne Ní Mhullaoidh

Stiúrthóir - Stephen Darcy Maoirseoir Feistis - Pauline Ryan

Dearthóir Soilse - Blú Hanley Dearadh Póstaer - grafach.ie

Dearthóir Seit - Prionsias Ó Coimín Íomhá - H Heyerlein


Ar chúiseanna nach raibh súil leo, cuirfear seó nua ar stáitse dar teideal 'Grindr, Saghdar agus Cher' mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe.

The previously advertised production has been replaced with this new production of ‘Grindr, Saghdar agus Cher’. GIAF Box Office will be in touch directly with ticket holders for the previous production.

Previous
Previous
15 July

New Beast

Next
Next
19 July

David Munnelly & Mick Conneely le Caitríona Ní Cheannabháin