Back to All Events

Liam Ó Maonlaí

  • Taibhdhearc Theatre 19 Middle Street Galway, G, H91 RX76 Ireland (map)

Liam Ó Maonlaí

3 Feabhra 2024

Cuireann Féile Tonnta i láthair - Liam Ó Maonlaí

Le haíonna speisialta Mairéad Ní Fhlatharta agus Erin Nic Eoghain


Cuireann 'Tonnta', an fhéile nua dhátheangach i láthair Liam Ó Maonlaí, Mairéad Ní Fhlatharta agus Erin Nic Eoghain.

Nótaí na himeachta

Doirse 7.30pm

Ticéid €20 +táille áirithinte

Tá Liam Ó Maonlaí mar cheann de na ceoltóirí traidisiúnta is cumasaí agus carasmatach.

Tá cáilíocht faighte ag Liam óna thosaigh a mbanna ceoil Hothouse Flowers ag fáil aitheantais sna 1980'dí.

Deir Bono go raibh an banna ceoil "the best unsigned band on the planet.”

Le tríocha bliain anuas, tá Liam tar éis uimhir a haon a baint amach i níos mó ná fiche tír, ó bheith ag seinm le ceoltóirí bundúchasacha i gcúl na hAstráile go dtí a bheith ag taifeadadh le cuid de na ceoltóirí is cáiliúla ar domhan ar nós Glen Hansard, Marketa Irglova, Carlos Nunes, Donal Lunny, U2 agus Van Morrision, gan ach cúpla a ainmniú.

Cruthaíonn an chláirseach, an fheadóg ghloine, bodhrán, harmonica, an guth agus an pianó atmaisféar a dtabharfaidh an lucht féachana ar thuras chroíúil.

Tá bunús cultúrtha ag ceol Liam agus cuireann sé béim ar chumhacht an cheoil i measc an phobail.

“Tá glór binn, sainiúil Mhairéad Ní Fhlatharta ar cheann de sheoda an dlúthdhiosca. Tá a cumas iontach mar fhonnadóir lena mbaineann sí casadh nua as filíocht ársa, cheolmhar na n-amhrán mar bhua eile aici. Tá an aois agus an ársacht a bhaineann le seanamhráin, tá an chroíúlacht agus an óige a bhaineann leis na hamhráin nua le brath ar rogha amhrán Mhairéad.” B’shin an cur síos cruinn a rinne Éamon Ó Donnchadha ar amhránaíocht Mhairéad Ní Fhlatharta sna nótaí a bhí ag gabháil leis an dlúthdhiosca, Ó Chaon Taobh, a d’eisigh sí in 2010.

Thug na hamhráin neart deiseanna do Mhairéad go dtí seo. Chuir sí aithne ar na hamhránaithe móra sean-nóis agus ar an bpobal sean-nóis fré chéile ag Oireachtais, Féile Joe Éinniú, Féile na Mí agus ag neart féilte ceoil eile ar fud na tíre. Tá duaiseanna go leor bainte amach aici. Ba mhór an onóir di Corn Dharach Uí Chatháin d’amhránaithe, Corn Sheosamh Uí Éanaí, Cearnaire Shéain Óig Uí Thuama, Corn Chóil Neaine Pháidín agus Fleadh Cheoil nah Éireann. Bhuaigh sí Corn na mBan agus tá an dara háit bainte amach aici i gCorn Uí Riada.

Bhí sí mar aoi agus mhúin sí ceardlanna amhránaíochta ag féilte ar fud na tíre: Féile Joe Éinniú, Sean-nós Cois Life, Blas i Luimneach, Féile Chois Cuain i gCluain Cearbán, Scoil Samhraidh Shligigh Theas i dTobar an Choire agus ag Féile na Mí i Ráth Chairn. Cúis mhór bróid di amhráin ar an sean-nós a chasadh ag féile cheoil Milwaukee, i Lorient na Fraince, ag Celtic Connections i nGlaschú na hAlban agus sa gColáiste Éireannach i Lobháin na Beilge.


Tá ríméad uirthi a bheith ag casadh ag an bhféile Tonnta i mbliana!

Previous
Previous
1 February

Podchraoladh: Beo ar Éigean

Next
Next
4 February

The Dirty Circus