Back to All Events

Mac An Bheatha


Mac An Bheatha

Mí na Samhna 2019

Chuir Fíbín an dráma ‘Mac an Bheatha’, Macbeth le William Shakespeare ar stáitse i mí na Samhna 2019, stiúrtha ag Philip Doherty. Bhí sé ar siúl i gceanncheathrú Fhíbín i mBaile na hAbhann agus ar feadh cheithre oíche i Printworks na Gaillimhe.

San insint seo ar scéal Shakespeare, tagann scata fíor-náisiúnaithe foréigneacha le chéile i gcluboíche faoi rún don scéal seo faoi dhúnmharú, ciontacht agus díoltas a léiriú. Seo é Macbeth áshamhlú as an nua ag Fíbín mar ghig ina dtumtar an lucht féachana isteach i ndomhanuaillmhianach gan dlí, áit nach labhraítear ach Gaeilge amháin. Le tairngreachtaí triúr gcailleacha punc-miotail & griogadh a bhean chéile (Liz Fitzgibbon) fáisctear an drochfhuadar atá istigh sa saighdiúir seo, Mac an Bheatha (Lochlann Ó Mearáin) chun ceannaire an rialtais nua a mharú chun an chumhacht a thógáil uaidh

Next
Next
6 December

An Conradh