Back to All Events

Scéal na Gaillimhe

  • Taibhdhearc Theatre 19 Middle Street Galway, G, H91 RX76 Ireland (map)

Scéal na Gaillimhe

i gcomhpháirt le Comhlacht Cultúir na Gaillimhe

7ú Aibreán 2024

Is é aidhm an togra seo, Scéal na Gaillimhe ná oidhreacht chultúrtha, stairiúil agus ealaíne na Gaillimhe a léiriú trí súile na n-ealaíontóirí áitiúla.

D'fhógair Fíbín sa Taibhdhearc agus Comhlacht Cultúir na Gaillimhe glaoch oscailte ag tabhairt cuireadh d’ealaíontóirí, do thaibheoirí, do dhéantóirí, do dhearthóirí, agus do dhaoine cruthaitheacha ó Chathair agus Chontae na Gaillimhe, atá ag obair trí mhéan na Gaeilge, páirt a ghlacadh i dtogra spreagúil a dhéanann ceiliúradh ar saibhreas cultúrtha na Gaillimhe.

Roghnaíodh seisear tríd an nglaoch oscailte. Cuirfidh siad a dtograí i láthair, ar an tSráid Láir agus ar stáitse na Taibhdheirce ar an 7 Aibreán.

“Tugann an téama, “Scéal na Gaillimhe”, cuireadh d’ealaíontóirí proifisiúnta atá ag obair trí Ghaeilge, a ndearcadh féin faoi scéal na cathrach agus an chontae a chur in iúl. Ba bhreá linn dá roinnfeadh daoine cruthaitheacha linn na nithe a mhothaíonn siad faoi Ghaillimh. D’fhéadfadh siad machnamh a dhéanamh ar stair na cathrach, ar an éagsúlacht chultúrtha, nó ar ghné ar bith atá spéis acu ann”, arsa Pearse Doherty, an léiritheoir.

Deir Marilyn Gaughan Reddan ó Comhlacht Cultúir na Gaillimhe, “The Galway Culture Company is delighted to work in partnership with Fibin sa Taibhdhearc on this very significant project. We are delighted to support so many artists in the making of a very unique and special body of work celebrating the story of Galway through the Irish language.”

Grianghrafadóir: Emilija Jefremova (EmJCamera)

Becky Ní Éallaithe agus Fionnuala Doyle Wade.

Grianghrafadóir: Liam Carroll

Nótaí na himeachta:

Saor in aisce (ní gá thicéad)

An Taibhdhearc

6pm - 9pm


Scéal na Gaillimhe cuid a haon

  • Ar an Dé Deiridh

  • Flogaist

  • Ainmniú na Cathrach

Scéal na Gaillimhe cuid a dó

  • Damhsa na gCoiníní

  • Dúmhál

  • Ceangal na Coiribe



Damhsa na gCoiníní

Réamhléiriú: 23 Márta, Halla na Tullaí, 6.30pm

Fidil: Peadar-Tom Mercier

Bosca ceoil: Seamas Hyland

Cnag uirlisí: Paul Leonord

Damhsóir ar an sean-nós: Becky Ní Éallaithe

Damhsóir comhaimseartha: Fionnuala Doyle Wade

Damhsóir comhaimseartha: Hannah Rogerson

Damhsóir comhaimseartha: Roberta Ceginskaite

Teicneoir: Aindriú de Buitléir


Dúmhál

Réamhléiriú: 28 Márta, Tigh Mholly, Indreabhán, 9.30pm

Bunaithe ar ghearrscéal de chuid Liam Ó Flaithearta.

Scríofa ag  Micheál Ó Conghaile á cur i láthair ag Cumann Drámaíochta Chois Fharraige.

Freastalaí sa mbéar: Rónán Ó Curraoin

Mick Brunton:  Colm Joe Mac Donncha

Maitias Ó Cinnéidie:  Eoghan Ó Riada

Léiritheoir: Máire Ní Mháille

Scríobneoir Scripte: Micheál Ó Conghaile

Dearthóir Seite: Dara McGee

Bainisteoir Stáitse / Cultacha / Propanna: Bridie Ní Churraoin

Flogaist

Scríbhneoir agus stiúrthóir: Aoife Clarke

Aisteoir agus damhsóir: Goma

Cláirseoir: Zoe Hayter

Grafach: Cian Hogan

Ar an Dé Deiridh

Scríbhneoir / Stiúrthóir / Teilgean: Risteárd Ó hAodha

Léiritheoir/ Teicneoir / Dearadh Fuaime:  Aindriú de Buitléir

Scríbhneoir agus Aisteoir:  Caoimhghín Ó hEoghusa

Scríbhneoir: Harry Hennessy

Ceangal na Coiribe

Réamhléiriú: 29 Márta, Seomra Johnny Palmer, Wildlands, Baile Uí Chuirc, Maigh Cuilinn, 7pm

Faoi stiúir Éimhín Cradock ó Drumadore agus Arlene Cooke ón Acadamh Rince Gaelach Arlene Cooke - cruthóidh píosa drumadóireachta agus rince do na taibheoirí óga (10 mbliana d’aois agus suas).

Ainmniú na Cathrach

Scríbhneoir agus stiúrthóir: Fiachra Davoren

Aisteoirí:

Colm Seoighe

Colm Mac Gearailt

Róisín Tyrell

Previous
Previous
5 April

Oisín Leech

Next
Next
16 April

Shush